Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt
Go up one level

Iad siúd a cuireadh chun báis: Seán Heuston

Rugadh Seán Heuston (1891-1916) ag 24 Shráid Gloucester Íochtarach, Baile Átha Cliath, mac le John Heuston, cléireach, agus le Maria McDonald. Fuair sé oideachas go dtí an an grád idirmheánach ó na Bráithre Críostaí ar Scoileanna O’Connell ar Shráid Richmond Thuaidh. Agus é seacht mbliana déag d’aois, chuaigh sé isteach sa Great Southern and Western Railway Company mar chléireach agus bhí sé lonnaithe i Luimneach ar feadh sé bliana. Chuaigh sé isteach i bhFianna Éireann, an club gasógaíochta a rinne Bulmer Hobson agus an Chuntaois Markievicz a athbheochan i mí Lúnasa 1909. D’eagraigh sé brainse an-ghníomhach i Luimneach ag a raibh ballraíocht de 250 buachaill sa deireadh thiar thall. Chaith sé an chuid is mó den am saor a bhí aige san eagraíocht: ag tabhairt léachtaí, ag déanamh druileanna, ag máirseáil agus ag tabhairt tús áite do leibhéal ard inniúlachta sna buachaillí a raibh ceannas aige orthu.

Aistríodh go Baile Átha Cliath é ag an GSWR in 1913 agus cuireadh chuig oifig an bhainisteoir tráchtála ag stáisiún traenach Kingsbridge é (stáisiún Heuston atá air anois). Lean sé leis a chuid oibre le Fianna Éireann, áit ar chas sé le Con Colbert agus Liam Mellows, an bheirt acu feiceálach san eagraíocht. Tugadh ceannas ar bhrainse dó ar an taobh ó thuaidh den chathair lonnaithe in Hardwick Hall. Tugadh ardú céime dó mar leas-cheannfort de Bhriogáid Bhaile Átha Cliath agus rinneadh stiúrthóir traenála de freisin. D’earcaigh Colbert agus Pádraig Mac Piarais é chun traenáil a thabhairt do na mic léinn ar Scoil Éanna i ndruileáil agus muscaedaíocht. Ar ócáid na hairm a theacht i dtír i mBinn Éadair i mí Iúil 1914, stiúir sé fórsa Fhianna a thug seachadadh gunnaí ar ais go Baile Átha Cliath go sábhailte ar chairt.

Chuaigh Heuston le hÓglaigh na hÉireann go gairid i ndiaidh a bhunaithe i mí na Samhna 1913, agus rinneadh captaen de sa deireadh thiar thall ar an 1ú Cathlán de chuid Ned Daly. D’oibrigh sé go crua leis a chomplacht, ag eagrú máirseálacha agus inlíochtaí, ag cothú meon dúthrachta agus comrádaíochta, agus ag soláthar airm agus trealaimh trí cheannach agus úsáid á bhaint aige as gach meán a raibh ar láimh aige. Ar Luan Cásca tugadh ceannas ar an Institiúid Déiríochta dó, foirgneamh ar an taobh ó dheas ó Abhainn na Life, laistiar de na Cheithre Cúirteanna, mar a raibh Daly agus an 1ú Cathlán lonnaithe. Is é an chúram a bhí ar Heuston ná an bealach idir an Bheairic Ríoga (Dún Uí Choileáin ní ba dhéanaí, agus anois ina Ard-Mhúsaem na hÉireann) agus na Ceithre Cúirteanna ar feadh roinnt uaireanta sa chaoi is go mbeadh am go leor ag Daly agus a raibh fágtha den 1ú Briogáid socrú isteach. Mar a tharla, sheas Heuston agus a chomplacht de 30 fear an fód ar feadh níos mó ná dhá lá. Agus iad timpeallaithe agus gan cúis dóchais acu, ghéill Heuston ar an Chéadaoin chun beatha a chuid fear a shábháil.

Cuireadh Seán Heuston os comhair chúirt airm agus daoradh chun báis é. Cuireadh chun báis é ar an 8ú Bealtaine. Agus é cúig déag dhá mhí is fiche d’aois, b’é an fear is óige dóibh siúd a cuireadh chun báis. Níor phós sé. D’fhág sé a mháthair agus a dheartháir Michael ina dhiaidh a raibh ina mhac léinn ar an Dominican Priory i dTamhlacht agus é ag dul le sagartacht.

Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt