Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt

Roger Casement

Rinne sé iarracht briogáid Éireannach a earcú ó phríosúnaigh chogaidh Éireannacha agus chun airm Ghearmánacha a iompórtáil.

Rugadh Roger Casement (1864-1916) ag Teachín Doyle, Lawson Terrace, Cuas an Ghainimh, Co. Bhaile Átha Cliath, mac leis an gCaptaen Roger Casement ón 3ú Garda Dragúin in arm na Breataine agus Anne Jephson ó Mhala, Co. Chorcaí. Bhaist a mháthair go rúnda é mar Chaitliceach Rómhánach cosúil léi féin, ach tógadh mar Phrotastúnach é, cosúil lena athair. Mar gheall gur bhásaigh a thuismitheoirí go hóg, chuaigh Roger chun cónaithe lena uncail, John Casement as Magherintemple, in aice le Baile an Chaistil, Co. Aontroma, agus cuireadh oideachas mar scoláire cónaithe air ag scoil na deoise sa Bhaile Meánach.

Tar éis an scoil a fhágáil i 1880, d’oibrigh Casement i bpoist éagsúla, lena n-áirítear mar chléireach, i riarachán, agus sa tseirbhís phoiblí san Afraic. Ó 1895 ar aghaidh, bhí ceapacháin consalacha aige ag áiteanna éagsúla san Afraic, lena n-áirítear Boma sa Chongó áit a bhfuair sé údarú ó Oifig Eachtrach na Breataine chun iniúchadh agus tuairisciú a dhéanamh ar mhíbhainistiú na Beilge. Cháin sé rialtas na Beilge ina thuairisc mar rialtas gan trua, agus nochtadh ann sárú córasach ar chearta daonna na ndaoine dúchais. Fuair Casement CMG (Order of St Michael and St George) in 1905 mar gheall ar an tuairisc.

Chuaigh sé ar ais i mbun seirbhíse consalach in Santos, Para agus Rio sa Bhrasaíl. Nuair a coimisiúnaíodh é le tabhairt faoi thuairisc ar mhí-úsáid tuairiscithe oibrithe i dtionscal an rubair in imchuach Putumayo sa Pheiriú. Foilsíodh an tuairisc mar pháipéar parlaiminteach (1911) agus bhí tionchar suntasach aige, fuair Casement aitheantas idirnáisiúnta dá bharr mar dhaonnúlach, agus aithníodh a ionchur le ridireacht.

Ag an am céanna, bhí Casement ina bhall de Chonradh na Gaeilge ar feadh roinnt blianta agus ghlac sé páirt ian ghníomhaíochtaí cultúrtha pé uair a bhí sé in Éirinn. Bhí sé ag foghlaim Gaeilge agus bhí suim ghníomhach aige i litríocht, stair agus traidisiún na hÉireann. Ba chosúil chomh maith go raibh sé éirithe díomách faoin am gur fhág sé an tseirbhís chonsalach timpeall 1911 le himpireacht na Breataine agus an rud ar bhreathnaigh sé air anois mar an smacht éagórach a bhí aici ar Éirinn. Anuas air sin, d’éirigh sé níos radacaí mar gheall go raibh aontachtaithe Uladh ag cur in aghaidh an Rialtas Dúchais ó 1912 ar aghaidh. Nuair a bunaíodh Óglaigh na hÉireann i Samhain 1913, toghadh é ar an gcoiste sealadach. Nuair a thosaigh an cogadh i Lúnasa 1914 bhí sé sna Stáit Aontaithe ag bailiú airgid d’óglaigh na hÉireann. Sa staid pholaitiúil nua, d’aithin sé an Ghearmáin mar chomhghuaillí féideartha ag Éirinn agus chinn sé cúnamh a iarradh ar an nGearmáin.

Bhí sceipteachas ag go leor de náisiúnach na hÉireann i leith Casement a raibh amhras orthu faoina mhacántacht nó a cheap go raibh sé míshocair agus dainséarach. D’ainneoin sin, chuir ceannaire Chlann na Gael, John Devoy, a d'óstáil a chamchuairt ar Mheiriceá, i dteagmháil é le hambasadóir na Gearmáine a shocraigh cuairt dó i mBeirlín. Bhí trí éileamh ag Casement, airm, go dtreoródh oifigigh na Gearmáine éirí amach in Éirinn, agus go bhfoirmeofaí briogáid Éireannach ina mbeadh saighdiúirí Éireannacha in arm ba Breataine a bhí ina bpríosúnaigh chogaidh sa Ghearmáin ag an am. Níor gheall na Gearmánaigh ach líon réasúnta beag arm, agus ní raibh mórán de na príosúnaigh chogaidh sásta dul isteach sa bhriogáid Éireannach. Nuair a fuair Casement amach go raibh éirí amach pleanáilte don Cháisc, rinne sé cinneadh é a stopadh mar gur chreid sé nach n-éireodh leis gan go leor arm agus gan tacaíocht na Gearmáine.

Gabhadh Casement ag Trá na Beannaí i gCo. Chiarraí ar Aoine an Chéasta 1916, tar éis d’fhomhuireán Gearmánach é a chur i dtír. Idir an dá linn, ghabh cabhlach na Breataine an long ar a raibh na raidhfilí Gearmánacha, an Aud, amach ó chósta an deiscirt agus chuir an captaen go tóin poill é. Tugadh Casement chuig Túr Londain agus cuireadh ar a thriail é as ardtréas san Old Bailey. Ciontaíodh as tréas é. Sular cuireadh chun báis é, ghlac an Eaglais Chaitliceach Rómhánach leis. Crochadh Roger Casement ag Príosún Pentonville ar an 3 Lúnasa 1916. Ní raibh sé pósta.

Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt