Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt
Go up one level

Halla Cathrach Bhaile Átha Cliath

Ar Luan na Cásca thionóil an Captaen Seán Connolly ar Arm Cathartha na hÉireann agus a chomplacht de thart ar thríocha fear ag Halla na Saoirse. Tugadh ordú dóibh Halla na Cathrach a bhí cóngarach do Chaisleán Bhaile Átha Cliath a urghabháil agus seilbh a ghlacadh air. Mháirseáil siad suas Faiche an Choláiste agus Sráid an Dáma agus ghabh siad seilbh ar Halla na Cathrach agus ar fhoirgnimh taobh leis, lena n-áirítear áitreabh an Evening Times ar an gcoirnéal idir Sráid na Parlaiminte agus Sráid an Dáma. Bhí an Dr Kathleen Lynn agus Helena Molony i measc bhuíon an ICA.

Chuaigh páirtí seisear fear i dtreo gheata Chaisleán Bhaile Átha Cliath agus scaoil siad marbh an póilín gan arm a bhí ar dualgas ann, an Constábla James O’Brien de chuid Phóilíní Chathair Átha Cliath, agus é ag tabhairt iarraidh an geata a dhúnadh chun cosc a chur orthu teacht isteach. Ghabh an páirtí seilbh ar sheomra na ngardaí ansin. Bhain siad na hairm de sheisear saighdiúirí a bhí ansin agus choinnigh siad faoi ghlas iad. Tá an chuma ar an scéal nár roghnaíodh Caisleán Bhaile Átha Cliath mar chuid de na suímh a bhí le gabháil agus an tÉirí Amach á phleanáil, toisc, is cosúil, go raibh an chosaint chomh láidir ann. Ar an lá, áfach, seachas 65 fear seirbhíse gortaithe a bhí san ospidéal, bhí níos lú ná 25 saighdiúirí ar dualgas ann. Ina theannta sin, ag an am ceannann céanna is ar ghabháil fir Arm Cathartha na hÉireann seomra na ngardaí, bhí an fo-rúnaí, Sir Matthew Nathan agus a bheirt Oifigeach i mbun comhdhála sa Chaisleán. Fiú nach raibh a fhios acu go raibh an tÉirí Amach tar éis tosú i gceart, bhí socruithe á dhéanamh acu chun na daoine a bhí faoi amhras maidir le héirí amach a chur ar bun a ghabháil. Is cinnte gur coup iontach a bheadh ann don Rialtas Sealadach, dá ngabhfaí Caisleán Bhaile Átha Cliath, siombail thiarnas na Breataine, chomh maith le ceann de na hoifigigh is sinsearaí de chuid údarás na Breataine in Éirinn.

Ní raibh sé i bhfad go raibh Halla na Cathrach agus foirgnimh eile a raibh seilbh gafa orthu faoi dhianlámhach raidhfilí agus meaisínghunnaí. I rith an tráthnóna scaoil agus mharaigh naoscaire Connolly ó Thúr Bedford i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Rinne fórsaí ní ba líonmhaire ionsaí ar Halla na Cathrach agus ar na suímh a bhí bainteach leis ní ba dhéanaí an tráthnóna sin. Ghéill na fórsaí an oíche sin, mar gheall gur maraíodh nó gortaíodh go leor acu.

Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt