Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Cuid de na scríbhneoirí beo is fearr in Éirinn á gceiliúradh ag an NLI

Dé Máirt, 23 Aibreán 2024
Dr Audrey Whitty, Paul Lynch, Minister Catherine Martin, Belinda McKeon

L-R: Dr Audrey Whitty, Paul Lynch, Minister Catherine Martin, Belinda McKeon

“....Is maith is cuimhin liom a bheith i mo shuí anseo sa seomra léitheoireachta seo sa Leabharlann Náisiúnta agus mé ag obair ar m’úrscéal Red Sky in Morning....” – Paul Lynch, buaiteoir Ghradam Booker 2023 as a shaothar mórdhíola, Prophet Song

Bhí áthas orainn fáilte a chur roimh bhuaiteoir reatha an Ghradaim Booker, Paul Lynch, in éineacht lena scríbhneoir comhghleacaí Belinda McKeon chuig an gcéad imeacht den tsraith ‘Ceiliúradh á Dhéanamh ar Éireannaigh a bhfuil Gradam Booker bainte acu’ ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Dé Máirt, an 23 Aibreán. Bhain an lucht féachana sult as plé ar úrscéal mórdhíola Paul ó 2023, ‘Prophet Song’, agus gairm bheatha Paul i gcoitinne. 

An tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, a d’oscail an imeacht.

Dúirt Stiúrthóir an NLI, an Dr. Audrey Whitty go bhfuil“Cultúr agus stair liteartha an‑saibhir ag Éirinn, agus is mór an onóir dúinn na daoine mór le rá seo i saol na liteartha comhaimseartha a thabhairt le chéile.”

“Le scéal na hÉireann a insint, ní mór dúinn ceiliúradh a dhéanamh ar scríbhneoireacht chomhaimseartha na hÉireann, agus tá an‑áthas orainn ár gcion féin a dhéanamh chuige sin.

Is é an cláreagraí liteartha Alan Hayes coimeádaí na sraithe.

Leanfar leis an tsraith ‘Ceiliúradh á Dhéanamh ar Éireannaigh a bhfuil Gradam Booker bainte acu’ i mí na Bealtaine agus mí an Mheithimh, agus beidh buaiteoirí an Ghradaim Booker John Banville, Anne Enright, agus Roddy Doyle linn ag an Leabharlann Náisiúnta (ar Shráid Chill Dara, Baile Átha Cliath) agus iad i mbun comhrá le Claire Kilroy, Nuala O’Connor agus Rob Doyle.

Cén chaoi freastal ar an imeacht

Tá na ticéid do na himeachtaí saor in aisce, ach níl ach líon teoranta áiteanna ar fáil. Mar sin, moltar áirithint a dhéanamh gan mhoill.

Seo a leanas an tsraith iomlán Ceiliúradh á Dhéanamh ar Éireannaigh a bhfuil Gradam Booker bainte acu:

1) Buaiteoir Ghradam Booker 2023, Paul Lynch, údar Prophet Song, i mbun comhrá le Belinda McKeon

2) Buaiteoir Ghradam Booker 2005, John Banville, údar The Sea, i mbun comhrá le Claire Kilroy

Dé Máirt, an 7 Bealtaine ag 6.30pm

Is féidir ticéid a fháil anseo

3) Buaiteoir Ghradam Booker 2007, Anne Enright, údar The Gathering, i mbun comhrá le Nuala O'Connor

Dé Máirt, an 14 Bealtaine ag 6.30pm

Eiseofar na ticéid go luath – coinnigh súil amach ar ár meáin shóisialta agus suíomh gréasáin chun nuashonruithe a fháil.

4) Buaiteoir Ghradam Booker 1993, Roddy Doyle, údar Paddy Clarke Ha Ha Ha, i mbun comhrá le Rob Doyle

Dé Máirt, an 11 Meitheamh ag 6.30pm

Eiseofar na ticéid go luath – coinnigh súil amach ar ár meáin shóisialta agus suíomh gréasáin chun nuashonruithe a fháil.

 

Le tuilleadh eolais a fháil, féach ar an bpreaseisiúint