Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt
Go up one level

Tomás Mac Donnchadha: ball de Rialtas Sealadach Phoblacht na hÉireann agus ceannfort ar an 2ú Cathlán d'Óglaigh na hÉireann.

Rugadh Tomás Mac Donnchadha (1878-1916) i gCloch Shiúrdáin, Co. Thiobraid Árann, mac le Joseph MacDonagh agus Mary Parker, beirt mhúinteoirí. Cuireadh oideachas ar ag Coláiste Rockwell in aice le Caiseal, Co. Thiobraid Árann, áit ar chaith sé seacht mbliana ag staidéar le bheith ina shagart.

Nuair a d’fhág sé Rockwell, d’oibrigh Mac Donnchadha mar mhúinteoirí ag Coláiste Naomh Ciaráin, Cill Chainnigh (1901-3) agus ag Coláiste Naomh Colmán, Mainistir Fhear Maí, Co. Chorcaí (1903-8). I rith an ama seo, ghlac sé ballraíocht i gConradh na Gaeilge, áit ar cuireadh idéalacha náisiúnacha faoina bhrád don chéad uair. Chun a líofacht a fheabhsú, thug sé cuairt ar Oileáin Árann, áit ar chas le Pádraig Mac Piarais don chéad uair. Nuair a d’oscail an Piarsach Scoil Éanna i 1908, bhí Mac Donnchadha ar an bhfoireann mar leas-phríomhoide. Fad is a bhí sé ag teagasc go lánaimseartha, rinne Mac Donnchadha staidéar páirtaimseartha i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, áit a bhfuair sé BA i 1910; an bhliain dar gcionn fuair sé céim MA as a thráchtas ‘Thomas Campion and the Art of Poetry’ (arna fhoilsiú i 1913). Ceapadh mar léachtóir le Béarla in UCD é chomh maith i 1911.

Idir an dá linn, bhí a bhuanna mar fhile á bhforbairt ag Mac Donnchadha, agus d’fhoilsigh sé a chéad chnuasach, Through the Ivory Gate, ar a chostas féin i 1902; ina dhiaidh sin d’fhoilsigh sé tuilleadh cnuasach lena n-áirítear an saothar is fearr leis Lyrical Poems (1913). Scríobh sé trí dhráma chomh maith; bhí éirí amach Éireannach mar théama in When The Dawn is Come; agus thrasnaigh Pagans an gnáthshaol leis an saol boihéamach. Mar aon leis sin, scríobh sé ailt in irisí éagsúla lena n-áirítear The Nation agus The Leader, agus bhain sé cáil amach i measc mhuintir liteartha agus amharclainne Bhaile Átha Cliath.

Bhí sé gníomhach le rudaí eile chomh maith. Bhí sé ina bhall díograiseach den National Literary Society, agus i 1909 bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann na Meánmhúinteoirí, Éire. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí an iris mhíosúil liteartha Irish Review (1911) chomh maith, a raibh sé ina chomheagarthóir air ar feadh tréimhse. Chreid sé go raibh amharcann ag teastáil a bhí dírithe go hiomlán ar an réalachas (seachas rómánsaíocht Amharclann na Mainistreach), agus i 1914 bhunaigh Mac Donnchadha, Ióseph Ó Pluingcéad agus Edward Martyn an Irish Theatre i Sráid Hardwicke.

Bhí Mac Donnchadha feasach ar an bpolaitíocht riamh: bhí sé gníomhach san Irish Women’s Franchise League a bunaíodh i 1911, agus bhí sé ina bhall den Dublin Industrial Peace Committee i rith díospóid lucht saothair 1913. Nuair a bunaíodh Óglaigh na hÉireann i Samhain 1913 ghlac sé ballraíocht ann, bhí sé mar bhall den choiste sealadach ina dhiaidh sin agus ghlac sé páirt i smuigléireacht gunnaí Bhinn Éadair. Scríobh sé ‘The Marching Song of the Irish Volunteers’ chomh maith. I Márta 1915, ceapadh ina cheannfort ar an 2ú Cathlán de Bhriogáid Bhaile Átha Cliath é. Ag an am seo, creidtear go mbainfí saoirse na hÉireann amach trí ‘mhairtírigh díograiseacha’, ar bhealach síochánta más féidir ach trí chogadh dá mba ghá. Cé go raibh sé ina bhall de Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann ó Aibreán 1915, níor comhthoghadh ar an gComhairle Míleata é go dtí tús Aibreán 1916, agus mar sin ní raibh mórán baint aige i socruithe pleanála don Éirí Amach. Creidtear, áfach, gur chuidigh sé le hábhar an Fhorógra.

Mar dhuine de cheathrar cheannfort cathláin i mBaile Átha Cliath, bhí páirt ghníomhach aige san Éirí Amach, bhí sé i gceannas ag monarcha briosca Jacobs’ i Sráid an Easpaig. Ba iad an bheirt oifigeach ba shinsearaí a bhí aige an Maor John MacBride agus Michael O’Hanrahan, dlúthchara leis. Mar gheall ar a shuíomh go príomha i gceantar ina bhfuil go leor tógála agus nach raibh sé éasca dul chomh fada leis, níor ionsaíodh Jacobs’ go díreach. Nuair a chuaigh ordú géillte an Phiarsaigh chomh fada leis an ngarastún ar an Domhnach, ní raibh fonn ar Mhac Donnchadha ná a chuid fearr cloí leis i dtosach.

Cuireadh Mac Donnchadha ar thriail armchúirte agus cuireadh chun báis é le scuad lámhaigh i bPríosún Chill Mhaighneann ar an 3 Bealtaine. D'fhág sé a bhean Muriel Gifford agus a leanaí Donagh agus Barbara ina dhiaidh.

Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt