Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt
Go up one level

Seán Mac Diarmada, ball de Rialtas Sealadach Phoblacht na hÉireann. Ba é an príomheagraí IRB é agus rinneadh cur síos mar ‘phríomhsprionga’ an Éirí Amach.

Rugadh Seán Mac Diarmada [John Joseph MacDermott] (1883-1916) in Corranmore in aice le Coillte Clochair, Co. Liatroma, mac le Donald MacDermott, siúinéir agus a bhean Mary McMorrow. Fuair sé a chuid oideachais ag scoil náisiúnta Corradoona agus ag scoil oíche Thulaigh na Maoile, Co. an Chabháin, áit ar fhoghlaim sé leabharchoimeád agus Gaeilge.

Tar éis tréimhse in Albain, shocraigh Mac Diarmada i mBéal Feirste i 1905, ag obair mar stiúrthóir tram agus níos déanaí mar fhear beáir. Chuaigh sé isteach i gConradh na Gaeilge agus in Ord Ársa na nIbeirneach a bhí measarthach ó thaobh na polaitíochta. Chuir Denis McCullough faoi mhóid é i mBráithreachas Phoblacht na hÉireann agus chuidigh sé le Cumainn Dhún Geanainn phoblachtacha a bhí á mbunú ag McCullough agus Bulmer Hobson. Bhí sé ina eagraí do Shinn Féin chomh maith. Bhog sé go Baile Átha Cliath i 1907, agus bhí tionchar ag Tom Ó Cléirigh air. Bhí sé ina eagraí lánaimseartha don IRB agus bhainistigh sé a nuachtán Irish Freedom. Mar aon le Clarke, MacCullough agus Hobson d'athbheoigh sé an IRB, agus ghabh an grúpa seo smacht air nach mór go hiomlán i 1911.

I 1911 chomh maith, leagadh siar Mac Diarmada go mór nuair a bhuail póilió é, rud a d’fhág go raibh sé bacach agus gur theastaigh maide siúil uaidh. Timpeall ar an ama seo, bhí sé gníomhach in eagraíochtaí cultúrtha cosúil leis an gCumann Lúthchleas Gael agus le Conradh na Gaeilge, ag earcú ball chuig an IRB, agus nuair ab fhéidir á dtoghadh mar oifigigh ar na coistí ábhartha. Tar éis thús an Chéad Chogaidh Dhomhanda i Lúnasa 1914, chuaigh sé i mbun feachtais in aghaidh fir Éireannacha a bheith ag dul isteach in arm na Breataine, agus dá bharr a iarrachtaí cuireadh i bPríosún Mhuinseo é ar feadh ceithre mhí faoin Acht um Chosaint na Ríochta. Nuair a scaoileadh amach é, comhthoghadh é féin agus Ó Cléirigh ar Chomhairle Mhíleata an IRB.

Bhí ról ceannasach ag Mac Diarmada i bpleanáil Éirí Amach 1916, agus dúirt an staraí F.X. Martin gurbh é an ‘príomhsprionga’ é. Bhí sé an-rúnda ina phleanáil, mar gheall go raibh sé ar an eolas go raibh formhór gluaiseachtaí réabhlóideacha na hÉireann roimhe seo lán le spiairí agus brathadóirí, níor inis sé d’fhormhór an bhfear san IRB faoin gcomhcheilg, rud a chur ar deireadh leis an mearbhall ar bhí ann ag tús an Éirí Amach

Chaith MacDiarmada an tÉirí Amach in Ard-Oifig an Phoist le formhór na mball den Rialtas Sealadach. Cé nach raibh aon rang míleata foirmiúil aige, aithníodh sa gharastún é mar dhuine de na ceannasaithe mar gheall ar a bhallraíocht sa Rialtas Sealadach agus a ról san IRB. Cuireadh ar thriail armchúirte é agus cuireadh chun báis le scuad lámhaigh é i bPríosún Chill Mhaighneann ar an 12 Bealtaine. Ba é féin agus Ó Conghaile an bheirt dheireanach a cuireadh chun báis. Ní raibh sé pósta.

Is dócha nach raibh aon amhras ar Mhac Diarmada maidir le toradh an Éirí Amach ná a raibh i ndán do na daoine a ghlac páirt. Chreid sé nach raibh aon bhealach chun poblacht a bhaint amach ach réabhlóid, ach d’aithin sé i gcúinsí 1916 nach raibh sé dóchúil go n-éireodh le réabhlóid. D’ainneoin sin, is cosúil gur cheap sé go raibh gá leis an Éirí Amach ag an am sin – díreach roimh an Rialtas Dúchais agus críochdheighilt dhóchúil na tíre – chun ionadh a chur ar náisiúnaigh agus ar aontachtaithe araon chun athmheasúnú a dhéanamh ar a raibh i ndán dóibh. Cosúil le Mac Piarais, d’fhéadfadh sé gur chreid sé in éifeachtúlacht na híobartha fola agus na mairtíreachta sa chúis chun saoirse a bhaint amach: in óráid ag Trá Lí, Co. Chiarraí i 1914 dúirt sé ‘the Irish patriotic spirit will die forever unless a blood sacrifice is made in the next few years’. Seans, áfach, nach léirítear i ráiteas mar sin a smaointeoireacht agus nach raibh ann ach reitric, an cineál cainte a chinnteodh gáir mholta ón slua ar leith sin.

Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt