Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt
Go up one level

Faiche Stiabhna agus Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn

Ba lonnaithe i bhFaiche Stiabhna, páirc dhronuilleogach a chlúdaíonn beagnach 20 acra agus atá suite míle ó dheas ó Ard-Oifig an Phoist agus gar do Jacob’s, a bhí an Ceannfort Michael Mallin agus a leascheannasaí, an Chuntaois Markievicz. Bhí thart ar 400 ball in Arm Cathartha na hÉireann ag an am; meastar go raibh 200-250 acu páirteach san Éirí Amach, agus go raibh a bhformhór faoi threoir Mallin i gceantar Fhaiche Stiabhna. Ba le Seán Connolly i Halla na Cathrach a bhí na daoine nach raibh le Mallin.

D'éirigh le Mallin a chumhacht a neartú, chuir sé fir ar post i gcuid de na tithe a raibh radharc ar Fhaiche Stiabhna acu agus d'ordaigh sé go ndéanfaí trinsí a thochailt ionas go gcuirfí bac ar na bealaí isteach chuig an bhfaiche. Chuir sé grúpaí chomh fada le stáisiún iarnróid Shráid Fhearchair, teach tábhairne J. & T. Davy ag an acomhal idir Sráid Richmond Theas agus Meal Charlemont, agus tithe ag droichead Shráid Líosain. Ba ghearr gur léir go raibh Faiche Stiabhna i baol, mar go raibh radharc air ó Óstán an Shelbourne agus roinnt foirgneamh ard eile nach raibh forghafa ag fórsaí Mallin.

Bhí taithí mhíleata ag Mallin sa mhéid is go raibh 14 bliain caite aige in Arm na Breataine, agus i rith an ama sin rinne sé seirbhís mar oifigeach neamhchoimisiúnaithe (NCO) ar feadh tamaill. De réir dealraimh, nuair a roghnaíodh Faiche Stiabhna mar shuíomh, bhíothas ag súil go mbeadh dóthain fear ann chun Óstán an Shelbourne a ghabháil mar aon leis na foirgnimh arda eile ar fad, ach ní raibh. Thosaigh Arm na Breataine ar inneallghunnaí a scaoileadh ón Shelbourne i dtreo na Faiche go deireanach ar an Luan, agus dá bharr sin rinne Mallin an chuid is mó den áit a thréigean ar an Máirt.

Ansin chuir formhór na bhfórsaí de chuid Arm Cathartha na hÉireann garastún i gColáiste Ríoga na Máinleá in Éirinn go díreach ar an taobh thiar d'Fhaiche Stiabhna. Ó tharla gur dírithe ar Ard-Oifig an Phoist agus ar na Ceithre Cúirteanna a bhí an Ginearál Lowe, ní raibh ról lárnach ag garastún Choláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn sna himeachtaí go dtí gur tugadh an t-ordú dóibh ar an Domhnach ina dhiaidh sin gur chóir dóibh géilleadh.

Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt