Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt
Go up one level

Halla na Saoirse

Gan Ó Pluingcéad san áireamh, a bhí san ospidéal, tháinig baill Chomhairle Mhíleata an IRB (Mac Piarais, Ó Conghaile, Ó Cléirigh, Mac Diarmada, Ceannt agus Mac Donnchadha) le chéile i Halla na Saoirse Domhnach na Cásca chun an cás i ndiaidh an lasta arm a chailleadh, gabháil Casement agus freasordú Mhic Néill a phlé. Chinn siad go rachadh siad ar aghaidh leis an Éirí Amach ach í a chur siar go dtí tráthnóna Luan na Cásca, ionas go mbeadh siad ábalta teagmháil a dhéanamh leis an oiread Óglach is ab fhéidir ar fud na tíre lena chur in iúl dóibh go mbeadh an tÉirí Amach ag tarlú go deimhin.

Chruinnigh an chuid ba mhó de bhaill Arm Cathartha na hÉireann, 1,000 Óglach nach mór, agus roinnt ball de chuid Chumann na mBan le chéile taobh amuigh de Halla na Saoirse roimh mheán lae Luan na Cásca. Thóg siad leo stoic ghunnaí agus airm chomh maith le pléascáin agus gránáidí a rinneadh sa bhaile a bhí stóráilte ansin. Mháirseáil siad ar aghaidh ag meán lae chun na suímh sannadh dóibh a ghlacadh. Bhí Halla na Saoirse folamh ag an am sin, ach rinne arm na Breataine ionsaí sliogán air ar an gCéadaoin, toisc gur cheap siad gur dhaingean de chuid na gceannairceach a bhí ann.

Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt