Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt
Go up one level

Drioglann Jameson, Lána Mhuire Mhaith

Chinn an Ceannfort Ceannt gur chóir go mbeadh trí urphost in Aontas Bhaile Átha Cliath Theas agus chinn sé triúr captaen, agus thart ar scór fear ag gach duine acu, a chur chuig na hionaid a bhí roghnaithe aige. Ba é an Captaen Séamus Murphy a bhí freagrach as Drioglann Jameson ag Lána Mhuire Mhaith cúpla céad slat soir ó dheas ó Aontas Bhaile Átha Cliath Theas. Bhí an Captaen Thomas McCarthy freagrach as Drioglann Roe i gCnocán an Bhrúnaigh agus bhí an Captaen Con Colbert agus a chomplacht lonnaithe ag drioglann Watkins ar Shráid Bhaile Átha Fhirdhia soir ó Aontas Bhaile Átha Cliath Theas.

Faoi thráthnóna Dé Máirt ba léir nár bhain tábhacht straitéiseach le Drioglann Watkins ach oiread le Drioglann Roe. Dá bhrí sin, chinn an Captaen Colbert agus a chomplacht dul chomh fada leis an gCaptaen Séamus Murphy a bhí lonnaithe ag Drioglann Jameson. Thréig an Captaen McCarthy Drioglann Roe agus chuaigh roinnt dá chomplacht chomh fada leis an ngarastún ag Drioglann Jameson. Grúpa de 21 a bhí i gceist ag an tús ach bhí borradh mór tar éis teacht ar an méid sin de bhrí gur tháinig na complachtaí ón dá urphost eile, mar aon le baill de Chumann na mBan, agus fir a bhí déanach ag triall ar an áit.

Bhí radharc ó gharastún Jameson ar shuímh áirithe laistigh d'Aontas Bhaile Átha Cliath Theas agus bhí deis acu tacú leis an ngníomhaíocht go pointe. Chomh maith leis sin, d'éirigh leis moill a chur ar an trácht míleata go pointe áirithe, ach ní raibh mórán tionchair aige ar thoradh an Éirí Amach.

Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt