Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt
Go up one level

Ard-Oifig an Phoist

Ba í Ard-Oifig an Phoist ar Shráid Sackville (Sráid Uí Chonaill) an príomhshuíomh a bhí le gabháil, áit a ainmníodh mar cheanncheathrú an Rialtais Shealadaigh. Bhí cúigear ball den Rialtas Sealadach lonnaithe ansin: An Piarsach, Ó Conghaile, Ó Cléirigh, Mac Diarmada agus Ó Pluingcéad Bhí thart ar 350 fear agus bean sa gharastún—Óglaigh na hÉireann, Cumann na mBan, Arm Cathartha na hÉireann agus na Raidhfilí Ibeirneacha ina measc. Ina measc siúd a bhí in Ard-Oifig an Phoist ag tráth éigin le linn na seachtaine bhí Harry Boland, Winifred Carney, Michael Collins, Rory Connolly (mac le Séamas a bhí cúig bliana déag d’aois), Éamonn Duggan, Desmond FitzGerald, Louise Gavan Du?y, Julia Grenan, Seán Lemass, Diarmuid Lynch, Finian Lynch, Seán McGrath, an tAlra Elizabeth O’Farrell, Seán T. Ó Ceallaigh, Liam Mac Piarais, James Ryan, Arthur Shields, Michael Staines, Oscar Traynor, Domhnall Ua Buachalla.

Ba í an tuiscint a bhí ann nuair a bheadh an Forógra léite amach agus Poblacht na hÉireann bunaithe, go gcuirfí Óglaigh na hÉireann agus Arm Cathartha na hÉireann le chéile mar arm Phoblacht na hÉireann. Mar ard-cheannfort ar Bhriogáid Bhaile Átha Cliath d’arm úr Phoblacht na hÉireann, bhí Séamas Ó Conghaile i gceannas ar chosaint Ard-Oifig an Phoist agus stiúir sé oibríochtaí chomh maith ar fud na cathrach go dtí gur gearradh an chumarsáid níos déanaí sa tseachtain.

Chuir garastún Ard-Oifig an Phoist baracáid ar chuid de na sráideanna máguaird agus ghabháil sé seilbh ar roinnt foirgneamh taobh leis chomh maith, lena n-áirítear roinnt foirgneamh trasna na sráide. Tráthnóna Dé Luain chuir an garastún ruaig ar ionsaí marcra ó ghrúpa Lannairí a thug faoi ruathar meargánta síos Sráid Sackville Uachtarach thar Ghallán Nelson faoi lámhach ceannairceach ó na foirgnimh ar an dá thaobh den tsráid. Thit riail agus reacht as a chéile agus rinneadh creachadh ar a lán siopaí agus stóir i Sráid Sackville agus sna sráideanna máguaird ón Mhairt ar aghaidh.

Ón gCéadaoin ar aghaidh, bhí Halla na Saoirse, Ard-Oifig an Phoist agus foirgnimh eile i Sráid Sackville faoi lámhach gunnaí móra agus loiscneach, ón mbád gunna Helga a bhí ar ancaire sa Life go príomha. Bhí an tÓstán Imperial a bhí os cionn siopa ilrannach Clery's, trasna na sráide ó Ard-Oifig an Phoist, ar cheann de na chéad fhoirgneamh a cuireadh trí thine; ní raibh sé i bhfad ansin go raibh formhór na bhfoirgneamh idir é sin agus an Life faoi bharr lasrach. Chreid Ó Conghaile go soineanta nach n-úsáideadh arm na Breataine gunnaí móra i gceantair na cathrach toisc go mbeadh drogall orthu maoin ar bith a scrios de bharr gur chaipitlithe a bhí iontu.

Ar an Déardaoin, sheol Ó Conghaile an Leifteanant Seán McLoughlin le páirtí 30 fear chun urphost a bhunú in áitreabh an Irish Independent agus an Nation ar Shráid na Mainistreach Láir. Ba bhall é McLoughlin, a bhí bliain is fiche d’aois, de chuid chomplacht Seán Heuston, a ghlac páirt sa ghleo san Institiúid Déircíochta, agus bhí an Piarsach agus Ó Conghaile tógtha leis cheana. Ina dhiaidh sin, gortaíodh rúitín Shéamais Uí Chonghaile go holc taobh amuigh d’Ard-Oifig an Phoist; cé go raibh sé sáinnithe ar shínteán, lean sé air i mbun oibríochtaí a stiúradh.

Faoi thráthnóna Dé hAoine bhí Ard-Oifig an Phoist ar thine, agus ag an bpointe sin cinneadh an garastún a aslonnú agus bogadh ó thuaidh trí Shráid an Mhúraigh, a raibh criathar á dhéanamh di le rois piléar ó raidhfilí agus meaisínghunnaí, go dtí monarcha Williams & Woods i Sráid na Breataine Móire (Sráid Parnell). Stiúir Ó Rathghaille ruathar ina raibh 30 Óglach páirteach ann chun an bealach a réiteach. Rinneadh lot marfach air agus ar roinnt dá fhear.

Toisc go raibh Ó Conghaile ar éagumas, fágadh stiúradh an aslonnaithe faoi McLoughlin. Dearbhaíodh an fhreagracht sin lena ardú céime go ceannfort ní ba dhéanaí an tráthnóna sin. D’aslonnaigh an garastún ansin agus ghlac siad suímh úra, i dtithe feadh Shráid an Mhúraigh go príomha. Maidin Dé Sathairn, mhol McLoughlin go dtroidfeadh an garastún a bhealadh trí Shráid Anraí agus trí Shráid an tSéipéil chun nascadh le 1ú Cathlán an Cheannfoirt Daly i gceantar na gCeithre Chúirteanna. Ó ba rud é go gcuirfí a lán sibhialtach i mbaol dá ndéanfaí amhlaidh, cinneadh ag cruinniú chúigear ball an Rialtais Shealadaigh a bhí i láthair go ndéanfaidís géilleadh a idirbheartú chun tuilleadh básanna a sheachaint.

Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt