Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt
Go up one level

Ceantar na gCeithre Chúirteanna

Ghabh an 1ú Cathlán de Bhriogáid Bhaile Átha Cliath faoi stiúir an Cheannfoirt Edward Daly seilbh ar na Ceithre Cúirteanna (cúirteanna dlí) agus ar na sráideanna máguaird ar bhruach thuaidh na Life, nach mór míle siar ó Ard-Oifig an Phoist. Ceantar straitéiseach ab ea é seo toisc go ndeachaigh an príomhbhealach idir na bheairicí míleata go dtí iarthar na cathrach agus Ard-Oifig an Phoist thar a bhráid. Cé go mbíodh 400 duine ina chathlán de ghnáth, níor tháinig amach an lá sin ach 150, ach d’fhás na líonta thar an gcéad chúpla lá eile de réir mar a scaipeadh an scéal faoin Éirí Amach. Bhí an ceanncheathrú ag an mbealach isteach chuig Aontas Bhaile Átha Cliath Thuaidh (Ospidéal Naomh Labhráis ) ar Shráid Brunswick (ó thuaidh ón gceantar a léirítear ar an léarscáil).

Bhí an 1ú Cathlán páirteach sa chuid ba fhíochmhaire den troid san Éirí Amach. Tharla an chéad scirmis tráthnóna Dé Luain nuair a fuair na hÓglaigh sna Ceithre Cúirteanna an lámh in uachtar ar pháirtí Lannairí (marcra) a bhí i gcoimhdeacht leoraithe a bhí lódáilte le hairm. Ar an gCéadaoin, ghabháil na hÓglaigh seilbh ar dhá shuíomh de chuid na naimhde sa cheantar, an Bridewell a bhí i seilbh na bpóilíní agus Beairic Linenhall, a bhí i seilbh cléireach airm gan arm.

Faoin Déardaoin bhí an ceantar scoilte le líne chosanta ag reisimintí South Stafordshire agus Sherwood Forest. Thosaigh troid fhíochmhair, go háirithe i gceantar Shráid an Rí Thuaidh, áit ar dhúnmharaigh saighdiúirí Reisimint South Stafordshire roinnt sibhialtach. Leanadh leis an troid go dtí tráthnóna Dé Sathairn nuair a thosaigh an scéala faoi ghéilleadh an Phiarsaigh ag teacht amach. Dúradh gur thaispeáin an Ceannfort Daly an-bhuaireamh faoin bpobal sibhialtach; ghlac sé ceannas ar bhácús Monk's agus d’eagraigh sé go ndáilfí arán ar an bpobal áitiúil.

Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt