Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt
Go up one level

Bácús Boland

Ghabh an tríú Cathlán faoi cheannas an Cheannfhoirt Eamon de Valera seilbh ar bhácús agus ar mhuilte plúir Boland, míle soir ó dheas ó Ard-Oifig an Phoist. Bhí an cathlán lonnaithe i suíomh fíorthábhachtach mar go bhféadfaí smacht a choinneáil ar an líne iarnróid agus ar an bpríomhbhóthar ó Bhaile an Rí (Dún Laoghaire) go lár na cathrach uaidh. Ba i gcuan Bhaile an Rí a thiocfadh fórsaí breise ón mBreatain i dtír. Mar gheall ar an míthuiscint a d'eascair i bpáirt as freasordú MacNeill, ní raibh ach 100 Óglach ar dualgas; bhí raidhfilí nua-aimseartha ag thart ar leath acu agus is gránghunnaí nó piostail a bhí ag go leor eile. Ba é an plean a bhí ann smacht a choinneáil ar limistéar mór a bhí ag síneadh thar an líne iarnróid ó Dhumhach Thrá go stáisiún traenach Rae an Iarthair. D'éirigh leo stáisiún iarnróid Rae an Iarthair a chur faoi smacht freisin.

Bhí an ceanncheathrú lonnaithe ag Bácús Boland ar Shráid na Canálach Móire Íochtarach. Bhí deis tugtha ag na hÓglaigh do na báicéirí saoire a ghlacadh. Bunaíodh urphoist i suímh ag an mbealach isteach go Beairic Thor an Bhacaigh ar Bhóthar Haddington, mórthimpeall ar Dhroichead Shráid an Mhóta (Droichead McKenny ar an léarscáil) ar an bpríomhbhóthar ó Bhaile an Rí go lár na cathrach, agus i stáisiún traenach Rae an Iarthair. Réab na hÓglaigh na rianta iarnróid a bhí ag dul chomh fada le Baile an Rí ionas nach n-éireodh le traenacha de thrúpaí dul róchóngarach dóibh. Seachas roinnt mionscirmisí agus an phríomhghníomhaíocht ag Droichead Shráid an Mhóta ar an gCéadaoin, ní dhearnadh aon ionsaí díreach ar Bhácús Boland go dtí an Déardaoin. Rinne fórsaí na Breataine ionsaí sliogán ar an ionad ón árthach Helga ar an Life agus le gunna cabhlaigh a tugadh i dtír ón Helga agus a bhí lonnaithe ag Plás Percy gar don ionad. Choinnigh an Ceannfort de Valera srian ar an gcontúirt, áfach, trí bhratach a chur ar foluain ón drioglann in aice láimhe, áit ar díríodh an chuid ba mhó den ionsaí sliogáin uirthi dá bharr.

Ó tharla go raibh Lowe ag díriú ar Ard-Oifig an Phoist agus ar na Ceithre Cúirteanna anois, ní dhearnadh aon ionsaí láidir eile ar an gceantar timpeall Bhácús Boland. Sheas an garastún an fód go dtí an Domhnach nuair a scaip an tAltra O’Farrell an scéala maidir leis an ngéilleadh. Gearradh pionós an bháis ar an gCeannfort de Valera, ach laghdaíodh an phianbhreith go dtí pianseirbhís saoil.

Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt