Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt
Go up one level

Cill Dhéagláin, Co. na Mí

Bhí ról gníomhach ag an gCeannfort Tomás Áis agus ag Óglaigh ón 5ú Cathlán beag de Bhriogáid Bhaile Átha Cliath i dtuaisceart chontae Bhaile Átha Cliath i rith an Éirí Amach. Ar chomhairle a leascheannasaí Richard Mulcahy, ball de chathlán i gcathair Bhaile Átha Cliath a bhí díreach tar éis aistriú chuig cathlán Áis, ghlac sé le hoirbhearta treallchogaíochta, agus leis an gcur chuige sin rinne sé damáiste do línte iarnróid agus ghlac seilbh ar roinnt beairic bheaga de chuid Chonstáblacht Ríoga na hÉireann. An aidhm a bhí leis sin ná bac a chur ar ghluaiseachtaí na naimhde, brú a bhaint dá gcomrádaithe i gcathair Bhaile Átha Cliath, agus airm a fháil. Ar an Máirt i rith Sheachtain na Cásca, chuir Áis scór fear i dtreo Ard-Oifig an Phoist. Cuireadh roinnt acu chomh fada leis an Institiúid Déiríochta.

Maidin Dé hAoine, bhailigh fórsa de 50 Óglach de chuid Áis mórthimpeall ar bheairic Chonstáblacht Ríoga na hÉireann i gCill Dhéagláin trasna na teorann i gCo. na Mí. Bhí na 16 fear agus an cigire ceantair sa garastún ar tí géilleadh nuair a tháinig fórsa de thart ar 60 fear de chuid Chonstáblacht Ríoga na hÉireann agus beirt oifigeach shinsearacha ar an láthair i gcarranna. I ndiaidh tréimhse chomhraic feadh na gclaíocha, ndraenacha agus ndíog, chuir na hÓglaigh brú ar Chonstáblacht Ríoga na hÉireann, agus bhí ar an dream bhí ar an taobh amuigh agus ar an taobh istigh den bheairic géilleadh. De réir Joseph Lawless, Óglach a bhí páirteach sa ghníomhaíocht, maraíodh beirt Óglach agus gortaíodh cúigear, agus maraíodh ochtar fear ó Chonstáblacht Ríoga na hÉireann agus gortaíodh 15 acu. Ó thaobh na nÓglach de, ba é seo an ghníomhaíocht ba ráithiúla dá gcuid i rith an Éirí Amach, mar gheall, is dóigh, gur tháinig siad aniar aduaidh ar na póilíní. Bheadh an eachtra a tharla i gCill Dhéagláin agus na teaicticí treallchogaíochta a d'úsáid Áis agus Mulcahy ann mar eiseamláir dóibh siúd a ghlac páirt i gCogadh na Saoirse sna blianta ina dhiaidh sin.

I ndiaidh don géilleadh, cuireadh triail armchúirte ar Áis agus gearradh pionós an bháis air, ach laghdaíodh an phianbhreith go pianseirbhís saoil.

Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt