Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt
Go up one level

Dé Céadaoin, an 26 Aibreán

Chuir fir an Cheannfoirt Ned Daly a bhí i gceantar na gCeithre Chúirteanna Beairic Linenhall trí thine. Ag meán lae, b’éigean don Cheannfort Seán Heuston agus don gharastún in Institiúid na Déiríochta géilleadh. Rinneadh an líne chosanta a scoilt na ceannaircigh ar an taobh ó thuaidh agus ar an taobh ó dheas den Life ó chéile, a shíneadh agus a neartú de réir mar a cuireadh trúpaí athneartaithe ar fáil. Thosaigh an bád gunna Helga ar an Life chomh maith le gunnaí machaire ó dheas ón Life ar ionsaí sliogán a dhéanamh ar ar Halla na Saoirse agus ar an gceantar thart ar Ard-Oifig an Phoist. Tháinig trúpaí athneartaithe ó Shasana i dtír i mBaile an Ri (Dún Laoghaire) ach coinníodh siar ag Droichead Shráid an Mhóta iad (urphost de chuid an Cheannfoirt Eamon de Valera a bhí lonnaithe i mbácús Boland) ar a mbealach go Baile Átha Cliath. Chaill Arm na Breataine an-chuid saighdiúirí go dtí go raibh ar an dornán Óglach a bhí fágtha tarraingt siar. Ceapadh an Ginearál Maxwell chun ceannas a ghlacadh ar na fórsaí in Éirinn. Bhí ganntanas mór bia-ábhar bunúsach cosúil le harán agus bainne i lár na cathrach.

Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt