Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt
Go up one level

Iad siúd a cuireadh chun báis: Michael Mallin

Rugadh Michael Mallin (c.1874-1916) i mBaile Átha Cliath, mac le John Mallin, siúinéir. Is dóigh go bhfuair sé a chuid scoláireachta go háitiúil sa scoil náisiúnta. Chuaigh sé san airm mar dhrumadóirín, agus é thart ar sé bliana déag d’aois is dócha, nuair a bhí an- tóir ar an arm ag buachaillí ó cheantair de chuid na haicme oibre chun slí bheatha a bhaint amach. Chaith sé thart ar cheithre bliana déag san arm, agus rinneadh oifigeach coimisiúnta de (NCO). Chaith sé seal san India, mar a dtáinig maláire air.

Tar éis dó a bheith scaoilte, bhuail sé faoi i mBaile Átha Cliath agus d’oibrigh sé mar fhíodóir síoda ann. Agus dálaí oibre san earnáil seo ag dó na geirbe aige, chuaigh sé i gCeardchumann na bhFíodóirí Síoda a raibh sé ina rúnaí air ní ba dhéanaí. Bhí sé gníomhach freisin sa Working Men’s Temperance Club. Liostáil sé le hArm Cathartha na hÉireann nuair a bunaíodh é i mí na Samhna 1913. Ba bhall díograiseach agus dúthrachtach é agus chuaigh sin i bhfeidhm ar Séamas Ó Conghaile a thug faoi deara cé chomh díograiseach agus cumasach a bhí sé agus mar sin thug sé ardú céime dó agus rinne sé ceann foirne de. D’fhag sé a rian air agus d’ardaigh na caighdeáin smachta agus gairmiúlachta. Ina theannta sin, thug sé réim thraenála an-dian isteach, máirseálacha, inlíochtaí, agus ionsaithe bréige ar fhoirgnimh phoiblí san áireamh.

De bharr go raibh Ó Conghaile i gceannas ar ghnóthaí le linn an Éirí Amach agus é lonnaithe in Ard-Oifig an Phoist, fágadh ceannasaíocht an phríomhfhórsa ICA do Mallin agus a leascheannaire, an Chuntaois Markievicz. Bhí siad lonnaithe ar Fhaiche Stiabhna, páirc dhronuilleogach thart ar fiche acra, suite míle amháin ó dheas den GPO, trasna na Life. An bhallraíocht reatha a bhí ag an ICA ná thart ar 400 duine agus meastar gur 200-250 duine a tháinig amach don Éirí Amach. Agus radharc anuas air ón Óstán Shelbourne agus foirgnimh arda eile, bhí orthu an chuid ba mhó de na hionaid i bhFaiche Stiabhna a thréigeadh taobh istigh de cheithre huaire is fiche. Ghabh an chuid is mó d’fhir ICA seilbh ar Choláiste Ríoga na Máinlianna, foirgneamh daingean ar an taobh thiar den Fhaiche - áit inar sheas siad an fód go dtí go bhfuair siad an fógra chun géillte ar an Domhnach.

Cuireadh Michael Mallin os comhair chúirt airm agus daoradh chun báis é. Cuireadh chun báis é ar an 8ú Bealtaine. D’fhág sé a bhean Agnes Hickey, a thriúr mhac agus a bheirt iníon ina dhiadh, an iníon is óige acu a rugadh ceithre mhí tar éis a bháis. Deirtear go raibh sé ina Chaitliceach Rómhánach cráifeach.

Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt