Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt
Go up one level

Iad siúd a cuireadh chun báis: John MacBride

Tháinig John MacBride (1868-1916) chun saoil ag an gCé, Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo, mac le Patrick MacBride, siopadóir agus fear trádála, agus a bhean Honoria Gill. Fuair sé a chuid oideachais ó na Bráithre Críostaí i gCathair na Mart agus i gColáiste Naomh Maoileachlainn, Béal Feirste. Chaith sé seal ag obair i siopa éadaitheoireachta sa Chaisleán Riabhach, Co. Ros Comáin agus le cuideachta mhórdhíola phoitigéara i mBaile Átha Cliath ní ba dhéanaí. Liostáil sé le Bráithreachas Phoblacht na hÉireann agus bhí baint aige le Michael Cusack nuair a bhí an Cumann Lúthchleas Gael ag teacht ar an bhfód. Chuaigh sé isteach freisin sa Chumann Liteartha Gaelach, áit inar bhuail sé le Arthur Gri?th, cara dá chuid agus fear a raibh an-tionchar aige air i rith a shaoil.

D’fhág MacBride ar imirce in 1896 go dtí an Transvaal (Poblacht na hAfraice Theas) áit inar oibrigh sé i mianach óir taobh amuigh de Johannesburg. Tháinig Gri?th anall chuige agus in 1898 bhí an bheirt acu páirteach i gcomóradh Éirí Amach 1798 agus iad sa Transvaal. Bhí MacBride ina eiseamláir do na náisiúnaithe a bhí ní ba dháiríre sa phobal Éireannach áitiúil. An bhliain dár gcionn bhí ról ceannasach aige in eagrú na Briogáide Éireannaí, fórsá cománlaigh de 300 fear as Éirinn a throid leis na Bóraigh sa chogadh in aghaidh na Sasanach—ceann de chuid mhaith cogaí inar throid Éireannaigh ar an dá thaobh. Bhí MacBride ina leascheannasaí ar an bhfórsa agus bhain sé amach céim mhaoir in Arm na mBórach. D’éirigh go rímhaith leis an bhfórsa sa choimhlint agus tugadh go leor poiblíochta agus íomhá ghalánta dó in Éirinn, áit a raibh clú agus cáil air mar ‘MacBride’s Brigade’. Bhí an oiread sin measa ar MacBride i measc dreamanna áirithe gur chuir grúpa ghníomhaithe poblachtach a ainm chun cinn chun dul i gcoinne iarrthóir an Rialtais Dúchais ag fothoghchán i ndeisceart Mhaigh Eo sa bhliain 1900. Theip air an suíochán a bhaint amach áfach.

Agus MacBride ina shaoránach den Transvaal, mheas na Briotanaigh go raibh sé, mar Éireannach agus saoránach na Ríochta Aontaithe, tar éis cúnamh a thabhairt don namhaid. Is mar gheall air seo a bhuail sé faoi i bPáras na Fraince tar éis dó an Transvaal a fhágáil d’fhonn ionchúiseamh a sheachaint. B’ann a chas sé le Maud Gonne a ndeachaigh in éineacht leis ar thuras léachtóireachta sna Stáit Aontaithe. Pósadh iad mí na Bealtaine 1903 agus rugadh mac leo, ar a thugadar Seán, a bhí ina shaineolaí dlí, ceannaire an pháirtí polaitíochta Clann na Poblachta (an páirtí poblachtánach), agus aire gnóthaí eachtracha amach ansin. Theip ar an bpósadh go luath ina dhiaidh sin áfach.

Tar éis bronnadh ilphardúin orthu siúd a bhí páirteach i gCogadh na mBórach, d’fhill MacBride ar Éirinn. Bhuail sé faoi i mBaile Átha Cliath, áit a raibh post aige mar bháille uisce do Bhardas Bhaile Átha Cliath. Chuaigh sé ar ais i mbun polaitíochta ag dul le Sinn Féin agus chaith sé seal ar choiste Ardchomhairle an IRB. Is cosúil nach raibh baint aige lena hullmhúcháin le haghaidh an Éirí Amach. Deirtear gurbh ar Luan Cásca a chas sé le Tomás Mac Donnchadha agus a fhórsa d’ Óglaigh na hÉireann a bhí ar a mbealach chun seilbh a ghabháil ar Mhonarcha Jacob agus gurbh é an chaoi é gur liostáil sé leo. Ceapadh é mar an leascheannasai faoi Mhac Donnchadha.

Tar éis an ghéillte ar an Domhnach, coinníodh MacBride faoi coimeád, agus cuireadh os comhair chúirt airm é agus cuireadh chun báis trí scuad lámhaigh é an 5 Bealtaine. D’fhág sé a mhac Seán agus a iarbhean Maud ina dhiaidh.

Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt