Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt
Go up one level

Iad Siúd a Cuireadh Chun Báis: Edward Daly

Ba ag 26 Sráid Fhreidric, i Luimneach, a rugadh Edward (Ned) Daly (1891-1916). Ba eisean an t-aon mhac i measc deichniúr páistí a bhí ag Catherine O’Mara ; cailleadh a athair Edward Daly, Fínín cáiliúil, nuair a bhí sé 41 bliain d'aois, cúig mhí sular rugadh Ned. Uncail le Ned ba ea John Daly, eagraí le Bráithreachas Phoblacht na hÉireann. Chaith John Daly 12 bliain i bpríosúin éagsúla i Sasana mar thoradh ar chúisimh bhréagacha a bhain le pléascáin a bheith ina sheilbh aige. Fear saibhir a bhí in uncail eile le Ned, James Daly, nuair a d'fhill sé ar Luimneach ón Astráil; bhunaigh sé bácús ar Shráid Liam, agus chuidigh sé le teaghlach mór a dhearthár Edward a chothú nuair a cailleadh Edward.

D'fhreastail Ned ar scoil Shiúracha na Toirbhearta ar Sráid Uí Sheasnáin, ar scoil na mBráithre Críostaí ar Bhóthar Bhaile an Róistigh agus ar choláiste tráchtála Leamy. I ndiaidh seal gairid a chaitheamh ag obair mar bháicéir príntíseach i nGlaschú, fuair sé post mar chléireach i gclós adhmaid Spaight i Luimneach. Ina dhiaidh sin, bhog sé go Baile Átha Cliath agus fuair sé post sa phoitigéir mórdhíola, May Roberts & Co. Chuir sé faoi i bhFionnradharc lena dheirfiúr Kathleen a bhí pósta le Tomás Ó Cléirigh. Ba trí chairdeas le John Daly a casadh Ó Cléirigh agus Kathleen ar a chéile. Chaith Clarke seal sa phríosún in éindí le John Daly. Ba i dteaghlach mór poblachtach i Luimneach a tógadh Ned, agus treisíodh claonadh polaitiúil antoisceach Ned i rith na tréimhse a chaith sé ina chónaí i dteach Clarke.

Bhí Daly páirteach in Óglaigh na hÉireann ó bunaíodh an eagraíocht i mí na Samhna 1913, agus ainmníodh mar chaptaen é gan mórán moille. Chaith sé tamall i mbun taighde ar lámhleabhair mhíleata agus ar théacsanna eile dá leithéid, agus ba ghearr go raibh sé ina shaineolaí oirbheart agus straitéise: deirtear go ndeachaigh a chomhluadar i bhfeidhm go mór ar oifigigh shinsearacha áirithe nuair a tugadh airm i dtír i mBinn Éadair i mí Iúil 1914. I Márta 1915, ceapadh mar cheannfort ar an gCéad Chathlán é. Is cosúil go raibh roinnt blianta caite aige ina bhall den IRB faoin tráth sin.

I rith an Éirí Amach, cuireadh Daly agus an Chéad Chathlán chomh fada leis na Ceithre Cúirteanna (cúirteanna dlí) agus an ceantar mórthimpeall idir an Life agus Sráid Brunswick Thuaidh. Ghabh an grúpa seo seilbh ar ionad straitéiseach ar an Life, óna bhféadfaí smacht a choinneáil ar an bpríomhbhealach ó bheairicí míleata éagsúla i dtreo iarthar na cathrach agus isteach go lár na cathrach. Bhí an Chéad Chathlán páirteach i gcuid den troid ba mheasa i rith an Éirí Amach. Ina ainneoin sin, d'fhan Daly ann go dtí an Satharn nuair a tháinig an t-ordú géillte ón bPiarsach. Cuireadh Edward Daly chun triail armchúirte agus mharaigh scuad lámhaigh é ar an Déardaoin, an 4 Bealtaine. Ní raibh sé pósta.

Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt