Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt
Go up one level

Iad siúd a cuireadh chun báis: Con Colbert

Rugadh Cornelius (Con) Colbert (1888-1916) ag Móin Léana, Caisleán Maí Tamhnach, Co. Luimnigh, mac le Michael Colbert, feirmeoir beag, agus a bhean Nora MacDermott. Agus é fós ina bhuachaill óg, bhog an teaghlach go dtí ceantar Áth an tSléibhe i ndeisceart Luimnigh mar a raibh a athair i mbun feirmeoireachta ar thalamh a mhuintire ag Teampall an tSléibhe. D’fhreastail sé ar scoil náisiúnta Áth an tSléibhe agus ar feadh píosa gairid ar an scoil náisiúnta ag Cill Cholmáin in aice le Baile Stiabhna. Agus é ina dhéagóir, d’fhág sé chun dul ina chónaí lena dheirfiúr i mBaile Átha Cliath mar a bhfuair sé meánoideachas ar scoileanna de chuid na mBráithre Chríostaí ag Plás Mhuire agus Sráid Richmond Thuaidh (Scoileanna O’Connell). Nuair a bhí a chuid oideachais ar an meánscoil críochnaithe aige fuair sé post mar chléireach i mbácús Kennedy i Sráid Parnell, áit inar oibrigh sé go dtí lá a bháis.

Bhí seantaithí ag an dá thaobh de theaghlach Colbert ar ghnóthaí náisiúnacha agus finíneachta, agus bhí sé feasach ó thaobh na polaitíochta de ó aois an-óg. Bhí suim aige sa stair áitiúil agus náisiúnta araon agus d’fhoghlaim sé nathanna cainte as Gaeilge ó na seandaoine thart ar Iarthar Luimnigh, áit nach raibh an teanga imithe in éag go h- iomlán. Deirtear go raibh sé ina Chaitliceach Rómhánach cráifeach luath ina shaol. I mBaile Átha Cliath, chuaigh sé isteach i gConradh na Gaeilge agus d’fhreastail sé go díograiseach ar ranganna Gaeilge, léachtaí, agus ar na himeachtaí cultúrtha agus sóisialta a bhí curtha ar fáil do na bhaill. Chláraigh sé le Fianna Éireann, an eagraíocht gasógaíochta do bhuachaillí a bunaíodh in 1903 ar dtús ag Bulmer Hobson agus a rinne Hobson a athbheochan i gcomhair leis an gCuntaois Markievicz i mí Lúnasa 1909. Bhí sé ina sár-bhall de Fhianna Éireann: chuir sé an-dua air féin inniúlacht a bhaint amach sna himeachtaí agus scileanna dá chuid - druileanna, máirseáil, gasógaíocht, conas comharthaí a dhéanamh, léamh mapaí, garchabhair, agus conas mionairm a úsáid i gceart. Bhí a chuid díograis agus gaiscí aitheanta go gairid ina dhiaidh sin nuair a bhain sé captaenacht a bhrainse amach agus ar deireadh thiar, ardú céime sa Chomhairle.

Nuair a bhí teagascóir páirt-aimseartha sa nGaeilge ag teastáil ó Phádraig Mac Piarais do Scoil Éanna in 1910, d’fheil an post seo go seoigh do Cholbert ar an dá chúis. Thug sé faoin tasc go díograiseach mar ab iondúil leis agus ní raibh sé sásta ar chor ar bith luach saothair a ghlacadh don obair seo. Meastar gur earcaigh sé cuid de na mic léinn is sine do Fhianna Éireann gan cead a fháil ar dtús ón bPiarsach nó fhios a bheith aige faoi. Idir an dá linn, earcaíodh é féin mar bhall de Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann, agus níos déanaí bhí sé ina cheannfort ar an dream IRB ina raibh baill d’Fhianna Éireann agus a bunaíodh in 1912 ag Bulmer Hobson, a bhí ina cheannaire ar an IRB i mBaile Átha Cliath ag an am sin.

Toghadh Colbert chun an choiste shealadaigh de chuid Óglaigh na hÉireann nuair a bunaíodh iad i mí na Samhna 1913. Bhain sé céim an chaptaein amach sa 4ú Cathlán, Briogáid Bhaile Átha Cliath, de chuid Éamonn Ceannt a raibh an-bhaint aige le hoiliúint agus cur chun cinn a chomplachta ann. Cé nárbh fhear mór é agus é cúig troithe ar airde, bhí an-teacht i láthair aige agus bhí sé ina thraenálaí agus cheannaire tarraingteach; bhí ard-mheas ag na Fianna, ag na mic léinn ar scoil Éanna, agus ag na hÓglaigh air.

San Éirí Amach, cuireadh Colbert agus a chomplacht chuig grúdlann Watkins ar an taobh thoir d’Aontas Bhaile Átha Cliath Theas, a raibh seilbh air gafa ag Ceannt agus ag an bpríomhfhoras den 4ú Cathlán. Toisc nach raibh tábhacht ar leith ag baint le grúdlann Watkins ó thaobh na straitéise de, chuaigh Colbert agus a chomplacht le Séamus Murphy a bhí ag drioglann Jameson in Lána Mhuire Mhaith níos gaire d’Aontas Bhaile Átha Cliath Theas. Mar gheall go raibh an áit seo seachanta ag tródam shaighdiúirí Sasanach a chuaigh timpeall lár na cathrach de réir a chéile, ní dheachaigh an garastún i mbun mórán troda, agus ghéilleadar sa deireadh thiar thall ar an Domhnach.

Cuireadh Con Colbert os comhair chúirt airm agus daoradh chun báis é. Cuireadh chun báis é ar an 8 Bealtaine. Ní raibh sé pósta.

Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt