Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt
Go up one level

Francis Sheehy-Skeffington

Ceann de na cásanna is mó tubaistí i measc na gnáth-daoine a maraíodh ná Francis Sheehy-Skeffington a dúnmharaíodh agus é i gcoimeád míleata. Rugadh in 1878 é i gCoill an Chollaigh, i gContae an Chabháin. Bhí a athair an Dr Joseph Skeffington ina chigire scoile. D’fhreastail sé ar An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath mar a raibh sé ina chara le James Joyce. Anuas air sin nuair a diúltaíodh d’aiste de chuid Skeffington dar teideal ‘A forgotten aspect of the university question’ agus aiste Joyce ‘The day of the rabblement’ ag an irisleabhar coláiste ‘St. Stephen’s’, rinne siad iad a phriontáil go príobháideach mar phaimfléad dar teideal ‘Two Essays’ (1901).

D’oibrigh Skeffington mar chláraitheoir sa choláiste ar feadh dhá bhliain, agus san am sin phós sé Hanna Sheehy, duine de theaghlach oirirc náisiúnach i gCo. Chorcaí. Chun a thiomantas do chothroime inscne a léiriú, ghlac sé a sloinne, ag tabhairt Sheehy-Skeffington air ó shin i leith. D’oibrigh an lánúin le chéile agus iad i mbun roinnt cúiseanna sóisialacha agus radacacha, ina n-airítear ceart vótála do mhná. Is mar iriseoir a d’oibrigh Francis go príomha, bhí sé ina eagarthóir ar an ‘Irish Citizen’ agus b’eisean a bhí ina chomhbhunaitheoir sa bhliain 1912; scríobh sé do roinnt páipéir agus irisí in Éirinn, i Sasana, san Fhrainc agus i Meiriceá freisin. Le linn fhrithdhúnadh 1913 bhí sé ina bhall den Choiste um Síochána a bunaíodh chun an dá thaobh a thabhairt le chéile. Bhí sé ina leaschathaoirleach ar Arm Cathartha na hÉireann nuair a bunaíodh é in 1913 ar an mbonn nach mbeadh ach ról cosanta aige, ach bhí air é a fhágáil nuair a ghlac sé seasamh polaitiúil míleata.

Síochánaí tiomnaithe, rith sé feachtas in éadan earcaíochta nuair a bhris an cogadh amach sa bhliain 1914, agus ar an gcaoi sin tharraing sé príosúnacht air féin ar feadh sé mhí. Thacaigh sé le Rialtas Dúchais agus ní raibh sé i bhfách le seasamh Óglaigh na hÉireann a bhí ag éirí níos míleata i rith an ama. Toisc nach raibh sé dall ar chlaonadh polaitiúil de chuid an Phiarsaigh agus Uí Chonghaile, thug sé faoi é a chur ina luí orthu go mbeadh easumhlaíocht shibhialta níos éifeachtaí ná ceannairc, ag impí orthu tabhairt faoi fhórsa a bhunú a mbeadh ‘armtha agus feistithe le hairm den intleacht agus toil’.

Mar léargas ar mheon Sheehy-Skeffington, nuair a chuir na fir ICA de chuid an Chaptaein Seán Connolly ionsaí ar gheataí Chaisleán Bhaile Átha Cliath ar Luan Cásca chuir sé a bheatha i mbaol agus é ag tabhairt cúnamh do shaighdiúir gortaithe. Ar an Máirt bhí imní air maidir le cé chomh dona is a bhí an creachadh a bhí ar siúl agus bheartaigh sé ar fhórsa póilíneachta sibhialta a chur ar bun chun riail agus reacht a chaomhnú. An tráthnóna sin, gan aon chúis fhollasach, gabhadh é ag Droichead Portobello in Ráth Maoinis agus coinníodh i mBeairic Portobello é. An mhaidin dár gcionn lámhachadh é go láithreach ar ordú Capt. J.C. Bowen-Colthurst, duine de theaghlach den oidhrí dúiche i gCo. Chorcaí.

Mar gheall ar idirghabháil ó oifigeach sinsearach díograiseach, Major Sir Francis Vane, cuireadh armchúirt ar Bowen-Colthurst. Fuarthas ciontach ach gealtach é agus charcraíodh é sa Broadmoor Criminal Asylum. Bronnadh coimisiún ríoga fiosraithe cúiteamh airgid do Mrs Sheehy-Skeffington ina dhiaidh sin, rud nár ghlac sí leis.

Chuir dúnmharú Francis Sheehy-Skeffington an-déistin ar an phobal. Breathnaítear air mar dhuine aisteach a raibh a bhealach féin aige agus bhí meas uilíoch air mar gheall ar a chuid prionsabal, mar sin chuir dálaí a bháis go mór le athrú i ndearcadh an phobail agus bhí bá acu do na cheannaircigh seachas do na daoine a bhí ceaptha a bheith ina gcrainn taca an dlí. Chuir an iarracht ollmhór de chuid na húdaráis mhíleata chun é a cheilt – an Ginearál Maxwell san áireamh - go mór le déistin an phobail. Idir an dá linn, mhéadaigh na tuairiscí maidir leis na huafáis a rinne baill den South Staffordshire Regiment i rith na troda fíochmhaire ó theach go teach sa cheantar Shráid an Rí Thuaidh taobh thiar de na Cheithre Cúirteanna, doicheall an phobail, rud a rinne coimhthíos fiú leis na náisiúnaithe is measartha go brách.

Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt