Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt
Go up one level

Iad siúd a bhí bainteach leis an Rialtas Dúchais (ar a shon agus ina choinne): An Príomh-Aire Asquith agus rialtas na Breataine

Bhí tionchar ag Asquith agus ag a rialtas ar Éirí Amach 1916 go neamhdhíreach toisc nach ndeachaigh siad i ngleic le haontachtaithe Uladh. Mar thoradh air sin chuir siad iarracht ar Rialtas Dúchais i bhfeidhm a d'fhoráil go bhféadfadh cuid de Chúige Uladh fanacht amach uaidh, réiteach nach raibh sásúil d’fhormhór na náisiúnach.

Rugadh Herbert Henry Asquith (1852-1928) in Yorkshire agus bhí a thuismitheoirí ina gComhthionólaithe de chuid an mheánaicme. Bhí baint ag an mbeirt acu leis an tionscal olla. Fuair sé a chuid oideachais ag City School of London, agus níos ba dhéanaí, dúirt sé gur fhág an taithí sin go raibh sé ‘to all intents and purposes a Londoner’. Bhuaigh sé scoláireacht chlasaiceach do Balliol College, Oxford, áit ar ndearnadh uachtarán Aontas Oxford de. Agus cleachtas measartha rathúil forbartha aige mar abhcóide, toghadh é mar MP Liobrálach do Fife Thoir sa bhliain 1886. Bhí Asquith mar Rúnaí Baile do rialtais Liobrálacha na tréimhse 1892-5. Sa bhliain 1893 bhí an frustrachas céanna air a bhí ar Gladstone nuair a rinne Teach na dTiarnaí an dara bille Rialtas Dúchais a crosadh tar éis do Theach na dTeachtaí é a rith. Bhí post aige ansin mar Sheansailéir an Státchiste i rialtas Campbell-Bannerman (1905-8), agus sa phost sin thug sé isteach na chéad fhorálacha i leith pinsean seanaoise.

Tháinig sé i gcomharbacht ar Campbell-Bannerman mar Phríomh-Aire, bhí sé san oifig sin don tréimhse idir Aibreán 1908 agus Nollaig 1916. Bhí sí é meáite ar Éirinn a choinneáil laistigh den Aontas agus bhí sé ag brath ar Pháirtí Parlaiminteach Éireannach Redmond chun tromlach a choinneáil thar na Coimeádaithe agus Aontachtaithe Uladh, agus mar sin, gheall Asquith go ndéanadh sé Rialtas Dúchais a sholáthair. Ar dtús, chuaigh sé i ngleic le bacainn chros na dtiarnaí. Chuir an Parliament Act (1911) dá chuid deireadh le ceart Theach na dTiarnaí bac a chur ar reachtaíocht ar bhonn buan. Maidir le Rialtas Dúchais, áfach, tá an chuma ar an scéal nár thuig sé i gceart an tionchar a bhí ag easaontú Aontachtaithe Uladh, a raibh tacaíocht láidir acu ó na Coimeádaithe. Ina theannta sin, theip air gníomh cinntitheach a dhéanamh chun srian a chur ar an bhfrithbheartaíocht; mar shampla, ní dhearna sé rud ar bith i gcoinne na n-oifigeach airm ceannairceach, agus dhiúltaigh sé iad siúd a bhí freagrach as tabhairt i dtír na ngunnaí i Latharna a chiontú, mar a mhol an Leasrí in Éirinn, an Tiarna Wimborne.

Cé gur éirigh leis Rialtas Dúchais a bhaint amach sa deireadh (an tAcht um Rialú na hÉireann, 1914), réiteach míshásúil a bhí ann do na náisiúnaigh, toisc go raibh an dóchúlacht ann go mbeadh críochdheighilt na tíre agus eisiamh líon neamhshainithe de chontaetha Uladh mar thoradh air. Cuireadh an Rialtas Dúchais ar fionraí ar feadh an chogaidh dhomhanda a ndeachaigh an Ríocht Aontaithe isteach ann an 4 Lúnasa 1914. Thug Asquith rabhadh tar éis brú mór a bheith air ón phobal gur dhócha go mbeadh ‘cath fadtréimhseach’ ann. Bhí formhór na náisiúnach Éireannach bunreachtúil i bhfabhar an chogaidh, agus gheall Redmond tacaíocht ó Éirinn; i Meán Fómhair chuaigh Asquith i gcomhar le Redmond ag cruinniú earcaíochta i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath.

Maítear gurbh é an rud a dúirt Asquith, duine a bhí fuarchúiseach go maith, nuair a chuala sé an scéala faoi Éirí Amach 1916, ‘Well, that’s something’, agus d’imigh sé leis a luí. Ghníomhaigh sé go cinntitheach, áfach, agus rinne sé dlí míleata a chur i bhfeidhm, trúpaí a sheoladh, agus an Ginearál Maxwell a cheapadh láithreach. Rinne sé an botún bunúsach, áfach, cead a thabhairt do Maxwell, duine nach raibh eolach faoin staid pholaitiúil in Éirinn, suas le cúigear déag dóibh siúd ar ceapadh gur cheannairí a bhí iontu a chur chun báis. Níor thug sé féin cuairt ar Bhaile Átha Cliath go dtí an 12 Bealtaine, beagnach trí sheachtainí i ndiaidh don bhriseadh amach. Chuir sé deireadh le básuithe ar bith eile, ach faoin am sin bhí an pobal i curtha ó dhoras ag ní raibh aon dul siar Buaileadh buille mór ar a bheartas maidir le hÉirinn a choinneáil laistigh den Aontas: bhí próiséas curtha ar siúl agus tharla nárbh fhéidir aon stop a chur leis.

Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt