Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt
Go up one level

Ióseph Ó Pluingcéad, ball de Rialtas Sealadach Phoblacht na hÉireann.

Rugadh Ióseph Ó Pluingcéad (1887-1916) ag 42 Sráid an Mhóta Uachtarach, Baile Átha Cliath, mac le George Noble Plunkett, cunta pápach agus a bhean Josephine Cranny. Chuir na hÍosánaigh oideachas air ag Scoil Ollscoile Caitliceach, Coláiste Belvedere agus Coláiste Stonyhurst in Lancashire, áit ar scríobh sé a chéad phíosaí filíochta agus chuir sé suim sna mistigh cosúil le hEoin na Croise agus Naomh Treasa d’Avila. Fuair sé eitinn mar fhear óg agus chaith sé tréimhsí san Iodáil, san Ailgéir agus san Éigipt ó 1910-12.

Bhuail Ó Pluingcéad le Thomas Mac Donnchadha nuair a bhí sé mar theagascóir aige sa Ghaeilge agus é ag réiteach do scrúduithe máithreánacha i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Bhí Mac Donnchadha ina dhiaidh sin ina dhlúthchara, mar gheall go raibh suim ag an mbeirt acu i bhfilíocht, i reiligiún agus sna mistigh. Nuair a bhunaigh Mac Donnchadha an t-iris liteartha Irish Review i 1911, d’fhoilsigh sé roinnt de chéad dánta Uí Phluingcéid. Chuir Mac Donnchadha céad bhailiúchán dánta Uí Phluingcéid, The Circle and the Sword (1911), in eagar chomh maith. Mar aon le Edward Martyn, bhí an bheirt acu páirteach i mbunú an Irish Theatre i Sráid Hardwicke i Samhain 1914.

Bhí suim i gcónaí ag Ó Pluingcéad san Irish Review, ghlac sé ceannas air agus bhí sé ina eagarthóir nuair a bhí deacrachtaí airgeadais ann i 1913. Faoina stiúir ba mhó polaitíocht a bhí le feiceáil ann, thacaigh sé le beartais Shinn Féin Arthur Griffith agus le seasamh na n-oibrithe i rith fhrithdhúnadh 1913. Toghadh é chuig coiste sealadach Óglaigh na hÉireann nuair a bunaíodh iad i Samhain 1913, chuir sé an eagraíocht nua chun cinn san Irish Review, agus mar gheall ar a theanga chraosach gabhadh cóipeanna faoin Acht um Chosaint na Ríochta.

Faoi seo, bhí sé ina bhall de Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann agus bhí sé tiomanta do réabhlóid le hairm, in Aibreán 1915 chuaigh Ó Pluingcéad chuig an nGearmáin le cuidiú leis Sir Roger Casement chun airm agus cúnamh a fháil. I Bealtaine, ceapadh é chuig Comhairle Mhíleata an IRB, go príomha mar gheall ar a phost tábhachtach mar stiúrthóir ar oibríochta míleata in Óglaigh na hÉireann. Mar aon le Séamas Ó Conghaile agus Seán Mac Diarmada, bhí baint an-mhór aige sa réiteach deiridh don Éirí Amach go háirithe i bpleanáil na straitéise míleata a raibh an-bhua aige ina leith. Creidtear gur fhalsaigh sé féin agus Mac Diarmada cáipéis a eisíodh ar an 19 Aibreán 1916, a tháinig as Caisleán Bhaile Átha Cliath is cosúil, inar tugadh le fios go raibh na húdaráis chun Óglaigh na hÉireann a chur faoi chois. Is cosúil gurbh é an sprioc a bhí i gceist leis ná Eoin Mac Néill agus a buíon Óglach i gcoitinne a dhéanamh ní ba dhiongbháilte ná riamh; níor deimhníodh stádas na cáipéise riamh.

Cé go raibh Ó Pluingcéad an-tinn agus ag teacht chuige féin tar éis obráid ar fhaireoga ina mhuineál, bhí sé le baill eile an Rialtais Shealadaigh in Ard-Oifig an Phoist. Tar éis an ghéillte, cúisíodh le triail armchúirte é agus daoradh chun báis é le scuad lámhaigh. Bhí sé geallta le Grace Gifford, deirfiúr céile Thomas Mac Donnchadha; ceadaigh na húdaráis dóibh pósadh i bPríosún Chill Mhaighneann ar an oíche sular cuireadh chun báis é an 4 Bealtaine.

Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt