Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt

Breac-chuntas ar stair na hÉireann

Thosaigh tiarnas Shasana ar Éirinn sa dara haois déag nuair a chuir buíon fiontraithe Angla-Normannacha, a bhí lonnaithe sa Bhreatain Bheag an tráth sin, a gcosa fúthu i oirdheisceart na tíre. Ní raibh sé i bhfad go ndeachaigh rí Shasana, Anraí II i dtír ar an ionradh trí theacht go Co. Loch Garman i 1171 agus tiarnas a fháil ar chuid den tír. D'ainmnigh sé a mhac John mar Thiarna Éireann ní ba dhéanaí. Imeasc na hionróirí Angla-Normannacha le muintir na hÉireann de réir a chéile áfach, agus, ar feadh na gcéadta bliana bhí riail Shasana teoranta do Bhaile Átha Cliath agus don cheantar máguaird amháin, réigiún ar a dtugtaí an Pháil go ginearálta.

Is trí ríthe agus trí bhanríonacha leathnaitheacha agus trodacha na dTúdar sa séú haois déag, go háirithe Anraí VIII agus Éilís I, ar éirigh le Sasana smacht a fháil thar an tír iomlán. As sin amach, rialaigh an Bhreatain Éire trí leasrí agus rialtas a bhí bunaithe i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, a rialaigh an státseirbhís, an córas dlí, an t-arm, agus na gardaí. Dá bhrí sin, bhí muintir na hÉireann mar aicme géillsineach ina dtír féin. Chun cobhsaíocht agus tacaíocht a sholáthar don rialtas, glacadh le beartas coilínithe. Bhí uaslathaithe nó infheisteoirí Sasanacha, in éineacht le feirmeoirí tionóntacha, lonnaithe ar thailte a coigistíodh ó mhuintir na hÉireann. Leanadh le beartas plandála na dTúdar sa seachtú haois déag, agus lean rialtas Chromail leis go háirithe, rialtas a thug os cionn leath de thalamh na hÉireann dá oifigigh airm agus d’infheisteoirí a mhaoinigh a fheachtais. De bharr dhíshealbhú na nÉireannach a raibh talamh acu agus ghalldú córasach shochaí na hÉireann, scriosadh córas ársa sóisialta na nGael agus tháinig meath ar an gcultúr dúchais agus ar an nGaeilge.

Níorbh fhéidir muintir na hÉireann a iompú ó thaobh an chreidimh de áfach: in ainneoin an iompúcháin ghníomhaigh agus na géarleanúna a bhí ar siúl i dtréimhsí áirithe, lean Éire uirthi mar thír Chaitliceach den chuid is mó. Go deimhin, lean an creideamh mar ghné idirdhealaitheach idir Muintir na hÉireann, a bhí ina gCaitlicigh go príomha, agus aicme cheannais na bProtastúnach a bhí ina bplandóirí, ina riarthóirí agus ina n-oifigigh. Faoin ochtú haois déag, bhí parlaimint na hÉireann faoi smacht ag Protastúnaigh, agus bhí na Caitlicigh nach mór go hiomlán coinnithe amach uaithi. Chun staid phribhléideach a ball a chinntiú, vótáil an pharlaimint neamhionadaíoch seo chun deireadh a chur léi féin i ndiaidh thráma Éirí Amach 1798: Comhtháthaíodh Éire i Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Éireann agus rialaíodh í go díreach as Londain (the Act of Union, 1800). As sin amach, níorbh é neamhspleáchas iomlán ón mBreatain an cuspóir a bhí ag náisiúnaigh mheasartha bhunreachtúla na hÉireann ach athbhunú Parlaiminte in Éirinn agus féinrialú éigin a thabhairt ar ais.

Ba é Dónall Ó Conaill (Aisghairm an Aontais c.1840-43) agus Charles Stewart Parnell (Rialtas Dúchais, c.1880-91) a stiúir na feachtais ba shuntasaí chun na críche sin. Cé gur dhírigh náisiúnaigh bhunreachtúla ar fhéinrialtas éigin a bhaint amach trí ghníomhaíochtaí parlaiminte (Aisghairm nó Rialtas Dúchais), bhí neamhspleáchas iomlán de dhíth ar dhaoine eile, rud nach bhféadfaí a bhaint amach, de réir dealraimh, ach amháin leis an lámh láidir. Sna céadta roimhe sin, bhí Theobald Wolfe Tone agus na hÉireannaigh Aontaithe (1798), Roibeard Emmet (1803), na hÉireannaigh Óga (1848), agus na Fíníní (1865-67) bainteach le réabhlóidí oscailte a phleanáil nó a chur i gcrích. Ach níor éirigh le duine ar bith acu siúd dul chun cinn ar bith a dhéanamh: níorbh iontas ar bith é sin agus iad ag tabhairt aghaidh ar impireacht chumhachtach le hacmhainní ollmhóra míleata.

Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt