Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt
Go up one level

Tomás Ó Cléirigh, ball de Rialtas Sealadach Phoblacht na hÉireann. Ba é poblacht na hÉireann an sprioc a bhí aige.

Rugadh Tomás J. (Tom) Ó Cléirigh (1858-1916) ar Inis Iocht amach ó chósta Shasana, áit a raibh a athair James Clarke, sáirsint in arm na Breataine, lonnaithe. Bhí James in Eaglais na hÉireann, ach tógadh Tom i gcreideamh a mháthair, Mary Palmer a bhí ina Caitliceach. Bhog an teaghlach chuig an Afraic Theas agus ina dhiaidh sin chuig Dún Geanainn, Co. Thír Eoghain áit ar fhás Tom aníos ó aois a sheacht mbliana, áit ar fhreastal sé ar scoil náisiúnta Naomh Pádraig. Fad is a bhí sé sna déaga, bhí sé ina bhall de na Fíníní, b’fhéidir mar fhreagairt ar ról a athar i gcothabháil impireacht na Breataine nó mar fhreagra ar theannas seicteach áitiúil.

I 1882, chuaigh Ó Cléirigh ar imirce chuig na Stáit Aontaithe, áit a ndeachaigh sé le Clan na Gael. In Aibreán na bliana ina dhiaidh sin, seoladh go Londain é ar mhisean a bhain pléascadh dinimít, ach rinne brathadóir feall air agus gabhadh é agus pléascáin ina sheilbh. Gearradh pianseirbhís ar fead a shaoil air, chaith sé cúig bliana déag i gcoinníollacha an-dona i bpríosúin na Breataine: Millbank, Chatham agus Portland. Insítear faoina thaithí ina chuimhní cinn Glimpses of an Irish Felon’s Prison Life (1922). Tar éis é a scaoileadh amach ar choinníoll i 1898, chuaigh sé chuig na Stáit Aontaithe arís áit a bhfuair sé fostaíocht taitneamhach arís le ceannaire Clan na Gael John Devoy, lena n-áirítear tréimhse mar eagarthóir cúnta ar nuachtán Devoy, an Gaelic American. Idir an dá linn, phós sé Kathleen Daly, neacht leis an bhFíníneach John Daly a chaith tréimhse sa phríosún leis; ba deirfiúr í Kathleen le Edward (Ned) Daly, a cuireadh chun báis níos déanaí mar gheall ar an bpáirt a bhí aige in Éirí Amach 1916. Bhí triúr mac ag an lánúin.

Rinneadh saoránach de chuid na Stáit Aontaithe de Ó Cléirigh i 1905, ach d’fhill an teaghlach ar Bhaile Átha Cliath dhá bhliain ní ba dhéanaí, áit ar bhunaigh sé gnó de shiopa tobac/nuachtáin i Sráid na Breataine Móire (Sráid Parnell anois) agus Sráid Amiens. Ba é a bhí ag déanamh imní dó i gcónaí, áfach, poblacht na hÉireann a shlánú. Agus é fós amuigh ar choinníoll, choinnigh sé próifíl íseal, ach ba dhuine é a raibh tionchar aige sa chúlra sna blianta ina rabhthas ag réiteach d’Éirí Amach 1916. Mar aon le Denis McCullough, Bulmer Hobson agus, go háirithe, Seán Mac Diarmada, d’athbheoigh sé Bráithreachas Phoblacht na hÉireann, agus bhí ról mór aige i mbunú nuachtán na heagraíochta, Irish Freedom. Nuair a bunaíodh Óglaigh na hÉireann, d’aithin sé láithreach a n-acmhainneacht mar arm na réabhlóide. Ach, sheachain sé bheith ceaptha chuig aon oifig. B’fhuath leis gur scoilt Redmond an eagraíocht i Meán Fómhair 1914, ach thuig sé gurbh ionann na hÓglaigh a bhí fágtha agus fórsa níos éifeachtúla agus comhtháite agus formhór na mball tiomanta do phoblacht. D’fháiltigh sé roimh thús an Chéad Chogaidh Dhomhanda. Chonaic sé go mbeadh deis ag Éirinn agus Sasana san fhaopach. Bhí sé ina chomhalta d’Ardchomhairle an IRB, agus ag deireadh 1915 comhthoghadh é ar a Chomhairle Mhíleata a bhí freagrach as an Éirí Amach a phleanáil. Chruthaigh Ó Cléirigh an straitéis ghinearálta agus bhí Mac Diarmada freagrach as na mionsonraí; chomh maith leis sin, ba é Ó Cléirigh an príomhnasc le John Devoy, Joseph McGarrity agus le tacadóirí eile sna Stáit Aontaithe.

Mar gheall ar a shinsearacht agus a ionchur thar na mblianta, tugadh an onóir do Ó Cléirigh a bheith ar an gcéad duine le Forógra Phoblacht na hÉireann a shíniú. I rith an Éirí Amach, d’fhan sé in Ard-Oifig an Phoist le formhór na mball den Rialtas Sealadach. Cuir sé i gcoinne an ghéillte, ach vótáil níos mó ar a shon. Cuireadh ar thriail armchúirte é. Bhí Tom Ó Cléirigh ar dhuine de thriúr reibiliúnaithe a cuireadh chun báis le scuad lámhaigh ag Príosún Chill Mhaighneann ar an 3 Bealtaine. Mhair a bhean Kathleen Daly agus triúr leanaí.

Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt