Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt
Go up one level

Poblachtaigh agus Iad Siúd a Rachadh i Muinín na Láimhe Láidre: Eoin Mac Néill agus Óglaigh na hÉireann

Chur Mac Néill go díreach leis an Éirí Amach trí Óglaigh na hÉireann a bhunú, a armáil agus a thraenáil. Rugadh Eoin Mac Néill (1867-1945) do thuismitheoirí Caitliceacha meánaicme i nGleann Arma ar chósta Aontroma. Cuireadh oideachas air i gColáiste Naomh Maolmhaodhóg, Béal Feirste agus bhain sé céim amach in Ollscoil Ríoga na hÉireann. I 1893, mar aon le Dubhghlas de hÍde agus daoine eile, bhunaigh sé Conradh na Gaeilge, eagraíochta bhí tiomanta do chaomhnú teanga, litríocht agus cultúr traidisiúnta na Gaeilge. Ba é an chéad rúnaí é ar Chonradh na Gaeilge, agus chuir sé An Claidheamh Soluis (the Sword of Light), a n-iris ag a raibh tionchar mór in eagar. Teangeolaí agus staraí iontach ba ea Mac Néill agus d'athraigh sé an léann Ceilteach ó bhun. Fuair sé amach nach ndeachaigh na foinsí siar níos faide ná an cúigiú haois agus go raibh cuntais ar thréimhsí roimhe sin bunaithe ar scéalta a cumadh ina dhiaidh sin. I 1909, ceapadh ina ollamh le luathstair agus stair mheánaoiseach na hÉireann é sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Cé gur scoláire agus gníomhaí cultúrtha go príomha a bhí ann, in alt dar teideal ‘The North began’ in An Claidheamh Soluis (an 1 Samhain 1913), thacaigh Mac Néill le bunú fórsa deonach náisiúnta cosúil le hÓglaigh Uladh. Bunaíodh an eagraíocht i mBaile Átha Cliath ar an 25 Samhain, a gcuspóir mar dhea chun an Rialtas Dúchais a chosaint; bhí roinnt den choiste, áfach, ina mbaill de Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann agus bhí sé mar aidhm acu na hÓglaigh a úsáid chun neamhspleáchas iomlán a fháil, rud a tharla, ba Óglaigh a bhí i bhformhór na ndaoine a bhí páirteach in Éirí Amach 1916. Tugadh an ról mar cheann foirne do Mac Néill ar scarúnaí é chomh maith ach scarúnaí measartha a bhí ann agus bhí an-mheas air go poiblí.

Faoi stiúir Mac Néill, earcaíodh daoine go tapa, sroicheadh 170,000 ar deireadh. Spreag sé chomh maith bunú Chumann na mBan in Aibreán 1914, fórsa ban comhlántach. Mar cheann foirne, bhí sé páirteach i bpleanáil iompórtáil na n-arm i mBinn Éadair. Tar éis an scoilte i Meán Fómhair 1914 agus d’fhormhór na mball a gcúl a thabhairt do Mhac Néill le dul in éindí le Redmond, lean na hÓglaigh a bhí fágtha, timpeall 10,000 agus iad suite i mBaile Átha Cliath go príomha, faoi stiúir Mac Néill. Ní raibh aon mheas ag formhór na ndaoine san arm nua, gearrtha siar seo d’Óglaigh na hÉireann ar an Rialtas Dúchais, ba phoblachtaigh tiomanta a bhformhór.

Ba é straitéis Mhic Néill éirí amach a eagrú dá mbeadh cúiseanna leordhóthanacha agus nuair a bhí cúinsí fabhrach; idir an dá linn, ba cheart go mbeadh Óglaigh na hÉireann armtha, oilte agus réidh le dul i ngleic le haon iarracht chun airm a bhaint den eagraíocht, coinscríobh a chur i bhfeidhm ná Rialtas Dúchais a thréigean. Bhí sé pleanáilte ag roinnt d’fhaicsean an IRB sa cheannaireacht, áfach, tabhairt faoi éirí amach i bhfad níos túisce. D’eagraigh siad inlíochtaí gnácha ar Dhomhnach Cásca 1916 chun éirí amach ar fud na tíre a choinneáil faoi cheilt. Nuair a chuala Mac Néill faoi seo Déardaoin Cásca, labhair sé leis an bPiarsach, duine de na cinn fheadhna san IRB, agus dúirt sé leis nach gceadódh sé ‘d’arm leatharmtha dul i mbun troda’. Ina dhiaidh sin, áfach, chuir an Piarsach, Thomas McDonagh agus Seán Mac Diarmada ar a shuaimhneas é, ag rá leis go raibh long Gearmánach lán le hairm le teacht i dtír san Fhianait, Co. Chiarraí go luath. Nuair a tharla sé tráthnóna Dé Sathairn go ndeachaigh an bád go tóin poill agus gur cailleadh na hairm, thug Mac Néill freasordú do na hinlíochtaí an lá dar gcionn.

Mar thoradh ar fhreasordú Mhic Néill, níor tharla Éirí Amach 1916 i mórán áiteanna taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath; agus fiú ansin, ní raibh i láthair ach an ceathrú cuid de na daoine a d'fhéadfadh a bheith ann. Seans maith nach raibh tionchar ag an bhfreasordú ar a toradh deiridh: ní fhéadfadh fórsa iomlán Óglaigh na hÉireann, mar a bhí an tráth sin (10,000 fear), seasamh leis an gcumhacht mhíleata a d’úsáidfí ina choinne. Sa chás sin, is dóigh gur shábháil gníomh Mhic Neill saoil go leor daoine. Ar an lámh eile, murach an freasordú, seans nach ligfeadh na Sasanaigh don Éirí Amach tarlú, a chinnteodh nach gcaillfí aon duine; nuair a chreid siad go raibh na hinlíochtaí ar ceal, d’éirigh na Sasanaigh bogásach agus déanta na fírinne, cheadaigh siad don Éirí Amach tarlú.

Ní raibh aon pháirt ag Mac Néill san Éirí Amach. Ina ainneoin sin, cuireadh ar thriail armchúirte é agus gearradh pianseirbhís ar feadh a shaoil air; scaoileadh amach é faoi phardún i Meitheamh 1917.

Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt