Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt
Go up one level

Iad siúd arbh é an cultúr Gaelach a bpríomhchúram: Michael Cusack, Maurice Davin agus Cumann Lúthchleas Gael

Cé nach raibh aon pháirt fhoirmiúil ag Cumann Lúthcheas Gael in Éirí Amach 1916 chuir sé go mór leis sa tslí inar mhúnlaigh sé glúin fear óg a raibh féiniúlacht náisiúnta iontu, creideamh láidir acu sa náisiún, agus iad naimhdeach don rialtas, do na hinstitiúidí stáit agus do na fórsaí dlí agus cirt.

Rugadh Michael Cusack (1847-1906) sa Charn gar do Chora Finne i gContae an Chláir, aoire ab ea a athair. Cháiligh sé mar mhúinteoir bunscoile agus meánscoile. Tar éis dó roinnt blianta a chaitheamh sna Stáit Aontaithe, chaith sé tréimhsí ag múineadh i scoileanna san Iúr, Co. an Dúin, Coláiste na Carraige Duibhe, Co. Bhaile Átha Cliath agus i gColáiste Choill Chluana Gabhann, Co. Chill Dara. In 1877 bhunaigh sé an Civil Service Academy inar ullmhaíodh mic léinn le haghaidh scrúduithe don státseirbhís agus do scrúduithe gairme eile. Ina óige ba lúthchleasaí clúiteach é agus nuair a bhí sé i mBaile Átha Cliath thosaigh sé ar an lúthchleasaíocht a eagrú ann. Bhunaigh sé club iomána mar chuid dá Acadamh, agus bhí sé páirteach in iarrachtaí éagsúla ar an gcluiche a athbheochan i mBaile Átha Cliath.

Bhí Cusack an-díograiseach i leith an chultúir Ghaelaigh agus bhí sé gníomhach i ngluaiseacht athbheochan na Gaeilge. Cosúil le mórán náisiúnaithe eile lena linn, d’fhéach sé ar an lúthchleasaíocht agus ar an bpeil, an iomáint agus liathróid láimhe mar dhlúthchuid de chultúr traidisiúnta na nGael; chreid sé gur cheart iad a úsáid chun féiniúlacht shainiúil náisiúnta a chur chun cinn. Thacaigh dhá nuachtán náisiúnta leis an United Irishman agus The Irishman, a d’fhoilsigh roinnt dá chuid alt mar gheall ar chluichí agus caithimh aimsire traidisiúnta faoi ainm cleite.

Bhí spéis ag mórán daoine eile seachas Cíosóg sna cluichí traidisiúnta agus duine díobhsan ab ea Maurice Davin (1841-1927), feirmeoir ó Charraig na Siúire, Co. Thiobraid Árann, iarlúthchleasaí a raibh cáil idirnáisiúnta air. Ar an 11 Deireadh Fómhair 1884 san United Irishman agus in The Irishman bhí alt dar teideal ‘A Word About Irish Athletics’ le Cusack. Dhá sheachtain ina dhiaidh sin d’fhoilsigh Davin litir sna nuachtáin chéanna inar léiríodh na tuairimí céanna nach mór.

Ar an 1 Samhain 1884 thionóil Cusack agus Davin cruinniú in Óstán Hayes i nDurlas, Co. Thiobraid Árann, mar ar bunaíodh an ‘Gaelic Association for the Preservation and Cultivation of Gaelic Games’ as ar fhás Cumann Lúthchleas Gael agus Davin mar uachtarán agus Cusack mar rúnaí. Ó ba eagraíocht é CLG a bhféadfadh na céadta míle fear óg aclaí a bheith ina mbaill de agus iad in aois sheirbhís míleata agus scaipthe ar fud na tíre ar fad, d’aithin na Finíní láithreach gurbh fhoinse luachmhar earcaíochta a bhí ann. De thoradh air sin rinne na Finíní insíothlú ar an eagraíocht go dtí go raibh an eagraíocht faoina smacht acu laistigh de dhá bhliain agus an ruaig curtha acu ar Cusack óna phost mar rúnaí. Bhí an chléir i gcoinne thionchar seo na bhFiníní áfach agus de thoradh air sin bhí ar na Finíní gabháil dá gcúram ar bhealach a bhí níos discréidí: go luath san fhichiú haois bhí an-chuid de cheannairí an Chumainn ina mbaill de Bráithreachas Phoblacht na hÉireann nó báúil lena aidhmeanna. Cé nár ghluaiseacht réabhlóideach é CLG bá ghluaiseacht daingean stóinsithe é maidir lena náisiúnachas, agus bhí cosc ar phóilíní nó ar bhaill de na fórsaí slándála agus orthusan a d’imir cluichí ón iasacht.

Bhí baill den CLG go mór chun tosaigh sna hÓglaigh, d’údsáidtí camáin go minic in áit ghunnaí nuair a bhídís ag druileáil agus ag traeneáil. Ghlac an-chuid ball den CLG páirt in Éirí Amach 1916 ach ba as a stuaim féin a ghlac siad páirt agus ní mar bhaill den CLG. Mar a dúradh cheana, d’fhéadfaí a rá go raibh páirt nár bheag ag an gCumann go hindíreach leis an Éirí Amach. Ba é a sholáthair glúin fear óg aclaí agus féinmhuiníneach agus cuid mhaith acusan oilte ag an gCumann agus scileanna eagrúcháin den scoth acu. Chothaigh an Cumann féiniulacht Éireannach agus mórtas cine iontu, rud a chinntigh go raibh siad níos criticiúla faoin mBreatain, a rialtas agus a cuid gníomhaireachtaí.

Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt