Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Sraith Físeán le Duais Nobel Yeats a Chomóradh 100 Bliain tar éis a Bronnta

Comhoibriú idir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus Seanad Éireann

Dé Luain, 18 Nollaig 2023
Sraith Físeán le Duais Nobel Yeats a Chomóradh 100 Bliain tar éis a Bronnta

Seanad Éireann agus Leabharlann Náisiúnta na hÉireann tar éis sraith físeán a sheoladh chun Duais Nobel Yeats a Chomóradh 100 Bliain tar éis a Bronnta.

Tá sraith físeán seolta ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI) agus Seanad Éireann chun comóradh a dhéanamh ar 100 bliain ó bronnadh Duais Nobel na Litríochta ar WB Yeats. Fuair an file agus an drámadóir, a bhí ina chomhalta de Sheanad Éireann ó 1922 go 1928 fógra maidir leis an ngradam an 14 Samhain 1923. 

Comhoibriú idir Seanad Éireann agus NLI, cnuasach de 12 ghearrfhíseán is ea an tsraith 'Comóradh Céad Bliain Dhuais Nobel Yeats' ina bhfuil léamha ar rogha de dhánta Yeats agus sleachta as a chuid óráidí Seanaid.

Áirítear ar na léitheoirí seanadóirí reatha agus iar-sheanadóirí, iadbhuaiteoirí chomórtas labhartha filíochta Poetry Aloud NLI, gariníon WB Yeats, Caitriona Yeats, agus daoine eile as speictream cultúrtha leathan a bhfuil nasc acu le WB Yeats. I measc na bpíosaí atá le feiceáil tá díospóireachtaí Seanaid Yeats maidir le lámhscríbhinní agus colscaradh na hÉireann, chomh maith le léamha ar a dhánta. 

Foilseofar na físeáin ar líne tríd an NLI agus trí chainéil mheáin shóisialta an Oireachtais agus craolfar iad ar Theilifís an Oireachtais, agus eiseofar an chéad fhíseán an 14 Samhain. Foilseofar na físeáin in ord cróineolaíoch de réir a ndáta foilsithe cé is moite de léamh Caitríona Yeats ar The Song of Wandering Aengus (1897)  a dhúnfaidh an tsraith  an 10 Nollaig, cothrom céad bliain shearmanas Ghradam Nobel.

Chun tuilleadh sonraí a fháil féach an phreaseisiúint.

Chun breathnú ar na físeáin foilsithe ar líne go díreach, féach an liosta léitheoireachta thíos.

Seinnliosta Físeáin le Duais Nobel Yeats a Chomóradh 100 Bliain tar éis a Bronnta

Headshots of all speakers