Home, National Library of Ireland
Roghchlár

A Chéad Bheartas um Chaomhnú Digiteach Foilsithe ag NLI

Déardaoin, 2 Samhain 2023
An Beartas um an gCaomhnú Digiteach ar dheasc

Tús Eolais ar an gCaomhnú Digiteach:

Is cloch mhíle shuntasach é do NLI, mar institiúid chultúrtha náisiúnta na hÉireann, ár gcéad Bheartas um an gCaomhnú Digiteach a chur i láthair. Iarracht é an beartas leis na cleachtais atá ann cheana agus atá ag teacht chun cinn laistigh de NLI a chur ar bhonn foirmiúil. Is aitheantas tábhachtach é freisin ar an ngá atá le feabhas leanúnach a chur ar ár gcumas i réimse an chaomhnaithe dhigitigh chun aire a thabhairt dár mbailiúcháin dhigitithe agus dhigitghinte, lena n-áirítear 12 bhliain de bhailiúcháin chartlainne gréasáin dhigitghinte a dhoiciméadaíonn saol ar líne na hÉireann.

Tá ár misean chun cuimhne thaifeadta na hÉireann a bhailiú, a chosaint agus a roinnt chomh hábhartha inniu agus a bhí sé in 1877, cé go bhfuil an domhan mórthimpeall orainn athraithe. Tá athrú tagtha ar chineál ár mbailiúcháin ó thaobh formáide de, ach tá ár misean mar an gcéanna. Bailímid ábhar digiteach toisc go bhfuil fianaise agus scéalta agus cuimhní cinn na hÉireann le fáil i bhfoirm dhigiteach anois freisin agus tá bailiú digiteach mar chuid de thiomantas NLI lena chinntiú go bhfuil ár mbailiúcháin ina léiriú ar gach uile ghné d’Éirinn. Is rud é seo nach mbeadh ach NLI in ann tabhairt faoi toisc an sainchúram bailithe leathan atá air.

Tá ábhar digitithe á chruthú ag NLI le breis is fiche bliain anuas, agus tá breis agus 169,000 mír againn anois (beagnach 900,000 íomhá). Is féidir breathnú orthu go léir ar líne trínár gcatalóg ag https://catalogue.nli.ie/ 

 

Web Archive on laptop screen

Bailiú digiteach:

Tá láithreáin ghréasáin Éireannacha á gcartlannú ag Rannóg na mBailiúchán Digiteach ar bhonn roghnach agus téamach ó 2011 i leith. Go dtí seo tá breis is 125 bailiúchán curtha ar fáil againn, agus is féidir iad a chuardach agus a úsáid ar ár suíomh gréasáin. Ina measc seo tá gach Olltoghchán, Toghchán Uachtaránachta, Toghchán Áitiúil agus Toghchán Eorpach ó 2011, mar aon le bailiúcháin atá ina léiriú ar an saol ar fud na hÉireann, lena n-áirítear bailiúcháin atá tiomnaithe don Aosú in Éirinn, Talmhaíocht, Litríocht, Daoine Óga, Creideamh, Ealaíontóirí agus Amharclannaíocht na hÉireann, Meabhairshláinte agus an CLG.

Ó 2017, táimid ag obair ar shraith tionscadal píolótach i ndáil le hábhar cartlainne digitghinte ar leith. San ábhar cartlainne seo tá ábhar uathúil nach ann dó ach mar ábhar digiteach. Tá cineálacha éagsúla ábhair ann, mar shampla bailiúcháin phearsanta agus bailiúcháin eagraíochtaí agus iad i meascán formáidí, amhail doiciméid Microsoft Word, grianghraif dhigiteacha, scarbhileoga agus ábhar físe. Ba é Bailiúchán Marian Keyes Mystery of Mercy Close an chéad bhailiúchán a fuaireamar agus is féidir leat níos mó a fheiceáil faoinár ngníomhaíochtaí bailithe dhigitigh anseo. I measc na mbailiúchán eile atá againn tá bailiúchán ‘Tá don Chomhionannas’, bailiúchán ‘Census of the Heart; agus bailiúchán #WakingTheFeminists.

Web Archive Material

An tábhacht a bhaineann leis an gCaomhnú Digiteach:

Tá ról tábhachtach ag an gCaomhnú Digiteach maidir le leanúnachas cúraim agus rochtain ar an ábhar seo ar fad a chinntiú. Mar sin féin, cruthaíonn sé dúshláin ar leith freisin.
Tá go leor ábhar digiteach ann. Tá an méid ábhair is féidir linn a bhailiú ar scála atá nua dúinn mar eagraíocht agus is dúshlán é a bhfuilimid ag tabhairt faoi anois den chéad uair.

Tá ábhar digiteach sobhriste go nádúrtha. B’fhéidir gur mhothaigh muid go léir an eagla roimh ghuthán póca caillte nó damáiste, ina bhfuil grianghraif luachmhara a cheapamar a d’fhéadfadh a bheith ann go deo ach atá imithe anois. Is é an dea-scéal ná go gcabhraíonn caomhnú digiteach linn déileáil leis na dúshláin sin, agus ar deireadh thiar baineann sé le rochtain fhadtéarmach a sholáthar ar an ábhar sin.

Is é seo an sainmhíniú oifigiúil a thugtar air inár mbeartas: 
“Tagraíonn an Caomhnú Digiteach don tsraith gníomhaíochtaí bainistithe is gá chun rochtain leanúnach ar ábhair dhigiteacha a chinntiú chomh fada agus is gá”.

Ar deireadh thiar baineann obair gach duine in NLI le rochtain a sholáthar ar na bailiúcháin iontacha atá faoinár gcúram, iad a roinnt inár seomra léitheoireachta, trí thaispeántais agus imeachtaí, agus ar líne trínár suíomh gréasáin, agus trínár gcatalóg. Deimhnítear sa bhearta go mbreathnaímid mar eagraíocht ar an ngá atá le rochtain leanúnach ar ár mbailiúcháin agus le hathúsáid a bhaint astu mar phríomhspreagthóir an chaomhnaithe dhigitigh. Bíonn NLI i dteagmháil go gníomhach le deontóirí, taisceoirí agus cruthaitheoirí a chuidíonn linn ár mbailiúcháin dhigiteacha a fhorbairt chun na torthaí caomhnaithe, rochtana agus athúsáide is fearr is féidir a bhaint amach. Deimhnítear sa bheartas freisin an gá atá le comhoibriú ar fud na heagraíochta agus, trí chaidrimh a thóg ár bhfoireann le himeacht ama, le go leor líonraí caomhnaithe seachtracha. Is aitheantas é seo ar fad i ndáiríre nach féidir le haon eagraíocht amháin ualach an chaomhnaithe dhigitigh a iompar léi féin.

Beartas um Chaomhnú Digiteach 2023

Leagtar amach sa bheartas nua na prionsabail, na róil agus na freagrachtaí maidir le gníomhaíochtaí um an gcaomhnú digiteach laistigh de NLI. Feidhmíonn sé le Straitéis Uileghabhálach NLI, agus cuirfidh bonn eolais ar fáil i gcomhair beartas agus próiseas, agus treoróidh cinnteoireacht. Leagtar amach sa bheartas na rioscaí a bhaineann le hábhar digiteach a bhailiú agus a dhéanamh inrochtana – rudaí a bhfuil tábhacht leo. Tá sé bunaithe ar an taithí atá againn ar oibriú le hábhar digiteach, ach, ar ndóigh, tá roinnt spriocanna uaillmhianacha leagtha amach ann d’fhonn aird a tharraingt ar an dul chun cinn ba mhaith linn a dhéanamh. Seachas doiciméad a bheith ann a shuíonn ar an tseilf, tá a fhios againn go n-úsáidfimid cur i bhfeidhm an bheartais chun leanúint de bheith mar bhonn chun aibíocht iomlán chur chuige reatha NLI i leith an chaomhnaithe dhigitigh a mheas agus a thagarmharcáil i gcoinne noirm phobail agus dea-chleachtais. Ciallaíonn sé sin go léir gur féidir linn leanúint ar aghaidh ag bailiú, ag cosaint agus ag roinnt chuimhne thaifeadta na hÉireann i cibé foirm ina bhfuil sí.

Tá an beartas réasúnta gearr, mar sin féach anseo agus déan teagmháil linn le haon bharúil nó ceist ag: digitalpreservation@nli.ie