Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Cartlann foilsitheoireachta The O'Brien Press faighte ag NLI

Dé Máirt, 19 Nollaig 2023
Ivan O'Brien agus an Dr Audrey Whitty

Ivan O'Brien agus an Dr Audrey Whitty

“Is mór an onóir don O’Brien Press ár 50ú bliain a cheiliúradh agus cartlann ár gcomhlachta a thabhairt ar láimh do Leabharlann Náisiúnta na hÉireann lena coimeád slán.

Tá na mílte míreanna sa bhailiúchán, lena n-áirítear lámhscríbhinní, céadchló ó theidil an O’Brien Press agus míreanna de bhunsaothair ealaíne.  

Shealbhaigh an Leabharlann Náisiúnta é ó Ivan O’Brien, arbh é a athair nach maireann, Michael O’Brien – duine uaillmhianach i saol na foilsitheoireachta anseo in Éirinn agus go hidirnáisiúnta – a chuir an teach foilsitheoireachta ar bun in 1974.

Déantar beagnach 50 bliain den fhoilsitheoireacht Éireannach a cheiliúradh sa bhailiúchán fairsing seo a ritheann ó 1974 go deireadh Mheán Fómhair 2023. Tá breis agus 100 bosca d’ábhar eagarthóireachta ann, amhail lámhscríbhinní agus téacsanna anótáilte agus páipéir bhainteacha, tuairim is 75,000 mír chomhfhreagrais agus 1,500 mír de bhunsaothair ealaíne.

Tá áthas ar an Leabharlann Náisiúnta taifead suntasach cuimsitheach de scríbhneoireacht, foilsitheoireacht agus léaráidí leabhar Éireannach a fháil. Beidh suim ag réimse leathan scoláirí ann, ina measc scríbhneoirí agus maisitheoirí leabhar, scoláirí litríochta agus staraithe.

Beidh Cartlann an O’Brien Press ar fáil don phobal tar éis í a chatalógú.

Is féidir an phreaseisiúint iomlán a léamh anseo.