Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Léaráidí ó The Late Night Writers Club le Annie West faighte ag NLI

Tá na céadta léaráidí, líníochtaí agus dréachtaí bunaidh ón úrscéal grafach sa bhailiúchán

Dé Céadaoin, 13 Márta 2024
Ciare Kerrigan, Annie West and Dr Audrey Whitty sitting on stairs

Ciare Kerrigan (NLI), Annie West and Dr Audrey Whitty, NLI Director

An tseachtain seo bhí áthas ar NLI cartlann amhairc a fháil ón maisitheoir Annie West, a cruthaíodh mar chuid dá húrscéal grafach The Late Night Writers Club.

Tá an maisitheoir, atá lonnaithe i Sligeach, ar dhuine de líon beag maisitheoirí leabhair in Éirinn nach bhfuil ag obair ach ar pháipéar go fóill. Tá níos mó ná 105 léaráid bhunaidh pinn agus dúigh lándaite, 272 leathanach de dhréachtaí agus nótaí sa chartlann amhairc, chomh maith le hobair ar ghrianghraif agus físeáin atá ar siúl.

Insítear in The Late Night Writers Club scéal údair chumasaigh nua, a ghlacann dídean in NLI ar Shráid Chill Dara i mBaile Átha Cliath ar thóir inspioráide ag an nóiméad deireanach agus é ag fulaingt ó bhloc an scríbhneora agus tinneas cinn mistéireach. Le linn dó a bheith ansin, buaileann an t-údar le scata móruaisle liteartha na hÉireann, ina measc James Joyce, WB Yeats, Sean O'Casey, Oscar Wilde, Samuel Beckett, Seamus Heaney, Elizabeth Bowen, Maeve Binchy, Maria Edgeworth, Patricia Lynch agus Katherine Tynan, i measc daoine eile.

Cuirfear an bailiúchán ar fáil don phobal nuair a bheidh catalógú déanta air.

Is féidir an phreaseisiúint iomlán a léamh anseo.

Annie West with artwork standing in the NLI's Art Room

Annie West holding one of her illustrations