6 Samhain 2003 - 21 Feabhra 2004
An Chartlann Grianghrafadóireachta Náisiúnta
Tagairt LNÉ: TIL537Ba é Peter Cassells, Cathaoirleach Feidhmiúcháin an Ionaid Náisiúnta don Chomhpháirtíocht agus Feidhmíocht, a d'oscail Ireland at Work, taispeántas de chuid na Cartlainne Grianghrafadóireachta Náisiúnta d'íomhánna um chleachtais oibre agus gairmeacha traidisiúnta ón 19ú agus ón 20ú haois, an 6 Samhain 2003.
Dhírigh an taispeántas ar na gairmeacha ní ba thraidisiúnta in Éirinn le linn na tréimhse idir 1880 agus 1970, ag soláthar léargas spéisiúil ar na bealaí inar shaothraigh tromlach an daonra Éireannaigh a mbeatha i rith na tréimhse sin. Dhírigh sé go sonrach ar thrí thionscal - an fheirmeoireacht, an t-iascach agus déantúsaíocht na dteicstílí - cé gur clúdaíodh réimse gairmeacha leis. Bhain ríthábhacht leo sin go léir don gheilleagar Éireannach agus tá athruithe ollmhóra feicthe iontu faoi seach. Léiríodh lásadóireacht, crúdóireacht agus an chúipéireacht sa taispeántas freisin - sean-oilteachtaí a bhfuil meath mór orthu anois - chomh maith le líon gairmeacha atá fós ina mbeatha sa lá inniu.
Ireland at Work Taispeánadh Irwin Dermer freisin, grianghrafadóir Meiriceánach a rinne íomhánna de cheirdeanna meathlacha a thaifeadadh i dtíortha Eorpacha éagsúla le linn na 1960í. I measc na saor a bhfacthas a bpróifíl bhí James Brennan, rothadóir ó Chill Chainnigh, agus Robert Kennedy, crúdóir ó Bhéal Feirste. Tá saothar Dermer, dar teideal The Old Trades, laistigh de bhailiúchán buan sa Metropolitan Museum of Art, Nua-Eabhrac, agus sa National Museum of American History, Washington DC.
Ar ais go dtí Taispeántais Roimhe Seo.