Subscribe to our Newsletter
Bailiúcháin
Tagann an bailiúchán íomhánna seo arna gcruthú ag Deartháireacha Keogh ó Shráid Dorset, Baile Átha Cliath ón tréimhse 1915-1930. Soláthraíonn na grianghraif clúdach den scoth ar phearsana agus imeachtaí polaitiúla ón tréimhse chorraitheach sin de stair na hÉireann. Baineann luach mór leis an mbailiúchán do thaighdeoirí, cé nach bhfuil ann ach 330 pláta gloine, le go leor acu ina bportráidí stiúideo.
Rinneadh bailiúchán Keogh a dhigitiú agus is féidir féachaint air sa Chatalóg Ar Líne.