Subscribe to our Newsletter
Bailiúcháin
Áirítear le Bailiúchán Cardall 5,000 claonchló agus roinnt cártaí poist a ghabhann leo agus a tógadh le linn na 1940idí, 1950idí agus 1960idí. Chomh maith leis na gnáthamhairc, íomhánna spéisiúla de shráideanna is ea iad, agus daoine agus carranna, comharthaí fógraíochta agus aghaidh siopaí le feiceáil iontu. Tá na cártaí poist ar fáil le hiniúchadh i Seomra Léitheoireachta na Cartlainne áit a bhfuil innéacs sonraithe leis an mbailiúchán iomlán.