Subscribe to our Newsletter
Bailiúcháin
Tá os cionn 2,000 pláta gloine i mBailiúchán Clonbrock a chlúdaíonn na blianta 1860-1930. Is iad muintir Dillon, Barúin Clonbrock, as Áth Eascrach, Co. na Gaillimhe, a thóg na grianghraif. Ba theaghlach de ghrianghrafadóirí amaitéaracha díograiseacha iad (go háirithe Gerald Dillon agus a bhean chéile Augusta Crofton Dillon). Tugann na híomhánna taifead pictiúrtha substaintiúil agus éagsúil ar an gcineál saoil a bhí ar eastát talún.
Tá innéacs don bhailiúchán iomlán ar fáil i mbunachar sonraí inchuardaithe. Tugtar faoi deara nach bhfuil íomhánna greamaithe den bhunachar sonraí. Tá rogha de thaifid chatalóige atá nasctha le híomhánna ar fáil sa Chatalóg Ar Líne.