D'oscail Beyond the Pale, taispeántas grianghraf ó Bhailiúchán Grianghrafadóireachta William Lawrence 1865–1914, ag an gCartlann Grianghrafadóireachta Náisiúnta i mBarra an Teampaill. Díríonn an taispeántas ar chathracha in Éirinn lasmuigh den Pháil, Port Láirge, Corcaigh, Gailimh, Cill Chainnigh, Luimneach, Doire agus Béal Feirste go sonrach.
Thosaigh Bailiúchán Grianghrafadóireachta William Lawerence le roinnt cártaí poist a tháirgeadh le radhairc áite ar spotaí turasóireachta agus radhairc uirbeacha in Éirinn. San áireamh ar na sainchomharthaíchomharthaí cathrach suntasacha atá sa taispeántas tá: An Fhaiche Mhór sa Ghaillimh; an Halla Cathrach i nDoire, Caisleán Chill Chainnigh, Hall na Cathrach i mBéal Feirste agus Áras Ceoldrámaíochta Chorcaí. Le portráidí de dhaoine agus ghníomhaíochtaí laethúla san áireamh ann chomh maith, tugann na grianghraif seo tráchtaireacht shóisialta fhaisnéiseach ar nósanna maireachtála, oibre, siopadóireachta agus siamsaíochta na ndaoine i gcathracha thart ar an tréimse 1800 go 1915.
Cathair Chorcaí - Bailiúchán LawrenceTá 40,000 pláta gloine i mbailiúchan Lawrence agus is ceann de na bailiúcháin ghrianghrafadóireachta is mó éilimh i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann é. Tá tionscadal mór ar bun chun digitiú a dhéanamh ar na bailiúcháin pláta gloine go léir: tá digitiú déanta ar bhreis agus 9000 pláta ó Dheireadh Fómhair 2007 i leith agus cuirfidh an Leabharlann an bailiúchán pláta gloine ar fad ar fáil ar líne faoi dheireadh. Rithfidh Beyond the Pale ag an gCartlann Grianghrafadóireachta Náisiúnta go dtí deireadh Bhealtaine 2008.
Tabhair cuairt ar an gCartlann Grianghrafadóireachta Náisiúnta.
Ar ais chuig Taispeántais Reatha.