Catalóg Ar Líne Nua na Leabharlainne

Catalóg Ar Líne NUA na Leabharlainne Náisiúnta ina n-úsáidtear comhéadan fionnachtana aonair (VUFIND) ar fáil anois. Is féidir leat cuardach go comhuaineach thar ábhar clóbhuailte, lámhscríbhinne, digitithe, agus amhairc na Leabharlainne (lena n-áirítear 33,000 íomhá grianghrafadóireachta) trí leas a bhaint as. Beidh bunachair shonraí de bhailiúcháin thábhachtacha eile á gcur againn leis ar bhonn leanúnach, go háirithe Sources - Bunachar sonraí le haghaidh thaighde na hÉireann.

Cuardach

Is féidir leat cuardach anois thar na bailiúcháin seo a leanas go comhuaineach - Leabhair Chlóbhuailte lena n-áirítear Foilseacháin Oifigiúla, ábhar amhairc lena n-áirítear Priontaí & Líníochtaí, Grianghraif, Gearrshaolta, Lámhscríbhinní a catalógaíodh ó 1990 i leith in éineacht le moll ábhair dhigitithe atá ag méadú lena n-áirítear 33,000 íomhá ó bhailiúcháin ghrianghrafadóireacta Lawrence, Independent H, Eason, Poole, Keogh, Clarke, Stereo Pairs agus Tempest. I measc na ngnéithe nua tá saoráid chun Cuardach Brabhsála agus Cuardach Casta a dhéanamh.

Réamhchlárú Léitheora

Gné thábhachtach eile den Chóras Bainistíochta Leabharlainne VIRTUA nua is ea an tsaoráid trínar féidir le léitheoirí réamhchlárú ar líne chun ticéad léitheora a fháil - tabharfar an próiseas chun críche go pearsanta sa Leabharlann. Tabhair faoi deara, le do thoil, go mbeidh ticéid reatha bailí go dtí an 31 Nollaig 2010.

Forbairtí amach anseo

Táimid i mbun ár n-innéacsanna clóbhuailte, áiseanna cuardaigh agus bunachair shonraí do bhailiúcháin ar leith go léir a dhigitiú faoi láthair ionas gur féidir iad a aimsiú trínár gCatalóg Ar Líne nua. Más mian leat faisnéis a fháil faoi na háiseanna cuardaigh breise sin téigh i gcomhairle leis an bhFoireann ag an deasc thagartha sa phríomhsheomra léitheoireachta, nó scrúdaigh rannán na gCatalóg agus na mBunachar Sonraí ar ár láithreán gréasáin www.nli.ie a bhaineann leis an réimse bailiúchán ar spéis leat é.

Cabhair

Cabhróidh an fhoireann ag an deasc thagartha leat maidir le haon fhiosruithe a d’fhéadfadh a bheith agat, nó is féidir leat an cnaipe Cabhair a chliceáil ar Leathanach Baile na Catalóige. Cabhróidh an fhoireann leat maidir le réamhchlárú chun do thicéad léitheora a fháil freisin. Reáchtálfar seisiúin buail isteach do léitheoirí a bheidh ar siúl ag an am céanna le seoladh an chórais nua.

Ar ais chuig An Nuacht is Déanaí