Táthar ag glacadh le hiontrálacha anois le haghaidh POETRY ALOUD 2010

Tá áthas ar an Leabharlann Náisiúnta i gcomhar le hÉigse Éireann an Comórtas Reacaireachta Filíochta do dhaltaí iar-bhunscoile POETRY ALOUD a fhógairt d’fhonn ceiliúradh a dhéanamh ar an ngliondar a bhaineann le filíocht a rá agus le héisteacht léi.

 Is féidir le gach dalta atá ag freastal ar scoil dara leibhéal ar oileán na hÉireann páirt a ghlacadh sa chomórtas reacaireachta filíochta seo. Anuraidh, fuarthas os cionn 1,000 iontráil, mar sin bí linn ionas go mbeidh imeacht na bliana seo níos mó ná sin fós.


 
WWI Recruiting Poster
WWI Recruiting Poster
Quick Links