Fáiltíonn an Leabharlann Náisiúnta roimh ainmniú Bhaile Átha Cliath mar Chathair Litríochta EOECNA

Chuir stiúrthóir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Fiona Ross, fáilte roimh an bhfógra go raibh Baile Átha Cliath ainmnithe mar ‘Chathair Litríochta EOECNA (UNESCO)’. Bhronn Irina Bokova, Ard-Stiúrthóir EOECNA an teideal buan, nach bhfuil ach ag trí áit eile sa domhan, lena n-aithnítear iomrá Bhaile Átha Cliath ó thaobh an chultúir de agus an meas atá air go hidirnáisiúnta mar chathair feabhais litríochta.

Is ceann scríbe ríthábhachtach í an Leabharlann Náisiúnta d’aon duine ar spéis leo cultúr agus litríocht na hÉireann, agus bhí sí ar cheann de roinnt comhpháirtithe a thacaigh leis an bhfeachtas faoi stiúir sheirbhís Leabharlainne Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath chun an gradam seo a bhfuil an-tóir air a bhuachan. Féach ar ár bpreaseisiúint le tuilleadh eolais a fháil.

Ar ais chuig Nuacht.