Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Turas um Fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus Phobail | WB Yeats agus an Amharclannaíocht

Suíomh
Ar Líne trí Zoom
Spriocphobal
Foghlaim ar feadh an tSaoil agus Pobail
Fad ama
45 nóim
Cineál acmhainne
Turas Treoraithe ar an Taispeántas
Praghas
Saor in aisce, áirithint ag teastáil
Suíomh
Ar Líne trí Zoom
Spriocphobal
Foghlaim ar feadh an tSaoil agus Pobail
Fad ama
45 nóim
Cineál acmhainne
Turas Treoraithe ar an Taispeántas
Praghas
Saor in aisce, áirithint ag teastáil
Cartún ina dtaispeántar WB Yeats ag tabhairt léachta ar an stáitse do lucht éisteachta mór

Cartún de WB Yeats ag tabhairt léachta ar The Theatre and Beauty ar 18 Márta 1913. Arna fhoilsiú inThe Leader(PD 2159 TX (19) 15)

Ar Líne
Introduction Text
Bí linn ar Zoom le haghaidh turas téamach taispeántais, ina ndírítear ar Yeats mar dhrámadóir agus mar dhéantóir amharclainne.

Tá eolas ag a lán daoine ar Yeats mar dhuine de na filí is mó den 20ú haois ach b'fhéidir nach bhfuil a fhios acu gur scríobh sé 26 dráma freisin le linn a shaoil, agus go raibh sé ina bhunaitheoir ar Amharclann na Mainistreach, amharclann náisiúnta na hÉireann mar atá anois.

Cuirfidh an turas Zoom seo scéal Yeats in aithne do do ghrúpa mar dhrámadóir agus mar dhéantóir amharclannaíochta trí sheoda bhailiúchán Yeats atá ar taispeáint, le hamharc tumthach, fíorúil, 360 céim ar an taispeántas.

Is é Bailiúchán Yeats an bailiúchán is mó leabhar, lámhscríbhinní agus míreanna pearsanta a bhaineann leis an bhfile áit ar bith ar domhan, agus tá sé ar fáil a bhuíochas le flaithiúlacht mhuintir Yeats, a bhronn na míreanna ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

Taitneoidh an turas seo le foghlaimeoirí fásta agus le grúpaí a bhfuil spéis acu san amharclannaíocht, sa litríocht, agus sa stair.

Fiosraigh Anois: Turas um Fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus Phobail | WB Yeats agus an Amharclannaíocht

Go raibh maith agat as spéis a léiriú i seisiún a chur in áirithe lenár bhfoireann. Comhlánaigh an fhoirm thíos leis an oiread sonraí agus is féidir. Cé nach foirm áirithinte í seo agus nach bhfuil aon chinnteacht ann go mbeadh am seisiúin ar leith ar fáil, beidh ball den fhoireann i dteagmháil leat a luaithe is féidir maidir le do cheist. Táimid ar fáil freisin tríd an ríomhphost ag learning@nli.ie.
Turas um Fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus Phobail | WB Yeats agus an Amharclannaíocht
Tabhair faoi deara go bhfuil níos mó ná am amháin ann.
Cabhraigh linn an t-eispéireas is fearr is féidir a sholáthar trí aon eolas ábhartha breise a lua i.e. sainspéiseanna, riachtanais bhreise, má tá súil agat cuairt a thabhairt ar roinnt láithreacha de chuid Leabharlann Náisiúnta na hÉireann srl.

Déanfaidh NLI na sonraí pearsanta a thabharfaidh tú dúinn a phróiseáil de réir ár Ráitis Príobháideachais Sonraí.

Más féidir lenár bhfoireann aon chúnamh a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag learning@nli.ie