Home
Roghchlár

Turas Tríú Leibhéal | WB Yeats agus Amharclannaíocht

Suíomh
Ar Líne trí Zoom
Spriocphobal
Tríú Leibhéal
Fad ama
45 nóim
Cineál acmhainne
Turas Treoraithe ar an Taispeántas
Praghas
Saor in aisce, áirithint ag teastáil
Suíomh
Ar Líne trí Zoom
Spriocphobal
Tríú Leibhéal
Fad ama
45 nóim
Cineál acmhainne
Turas Treoraithe ar an Taispeántas
Praghas
Saor in aisce, áirithint ag teastáil
Profa tástála maisithe le lámh le hagaidh Amharclann na Mainistreach ina bhfuil cú faoil ar ghreim na héille ag aingeal

Profa tástála le haghaidh lógó na hAmharclainne Náisiúnta (PD 2159 TX (28) 1)

Ar Líne
Introduction Text
Bí linn ar Zoom le haghaidh turas téamach taispeántais, ina ndírítear ar Yeats mar dhrámadóir agus mar dhéantóir amharclainne.

Tá eolas ag a lán daoine ar Yeats mar dhuine de na filí is mó den 20ú haois ach b'fhéidir nach bhfuil a fhios acu gur scríobh sé 26 dráma freisin le linn a shaoil, agus go raibh sé ina bhunaitheoir ar Amharclann na Mainistreach, amharclann náisiúnta na hÉireann mar atá anois.

Cuirfidh an turas Zoom seo scéal Yeats in aithne do do ghrúpa mar dhrámadóir agus mar dhéantóir amharclannaíochta trí sheoda bhailiúchán Yeats atá ar taispeáint, le hamharc tumthach, fíorúil, 360 céim ar an taispeántas.

Is é Bailiúchán Yeats an bailiúchán is mó leabhar, lámhscríbhinní agus míreanna pearsanta a bhaineann leis an bhfile áit ar bith ar domhan, agus tá sé ar fáil a bhuíochas le flaithiúlacht mhuintir Yeats, a bhronn na míreanna ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

Taitneoidh an turas seo le mic léinn tríú leibhéal a bhfuil spéis acu san amharclannaíocht, sa litríocht, agus sa stair.

Fiosraigh Anois: Turas Tríú Leibhéal | WB Yeats agus Amharclannaíocht

Go raibh maith agat as spéis a léiriú i seisiún a chur in áirithe lenár bhfoireann. Comhlánaigh an fhoirm thíos leis an oiread sonraí agus is féidir. Cé nach foirm áirithinte í seo agus nach bhfuil aon chinnteacht ann go mbeadh am seisiúin ar leith ar fáil, beidh ball den fhoireann i dteagmháil leat a luaithe is féidir maidir le do cheist. Táimid ar fáil freisin tríd an ríomhphost ag learning@nli.ie.
Turas Tríú Leibhéal | WB Yeats agus Amharclannaíocht
Déanfaidh NLI na sonraí pearsanta a thabharfaidh tú dúinn a phróiseáil de réir ár Ráitis Príobháideachais Sonraí, rud ar féidir breathnú air anseo.

Más féidir lenár bhfoireann aon chúnamh a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag learning@nli.ie