Turas Tríú Leibhéal | Suaitheadh go Sos cogaidh: Grianghraif ó Chogadh na Saoirse

Cárta Nollag an Rannáin Chúnta de Constáblacht Ríoga na hÉireann (EPH A855)
Tugann an turas ar líne seo comhthéacs do ghrianghraif, nuachtáin, agus earraí inbhailithe 100 bliain d'aois ó bhailiúcháin Leabharlann Náisiúnta na hÉireann laistigh d'imeachtaí suntasacha Chogadh na Saoirse.
Scrúdaítear ann gníomhaíochtaí grúpaí mar na Cúntóirí, na Dúchrónaigh, Cumann na mBan, agus Óglaigh na hÉireann ar fud oileán na hÉireann.
Leagtar amach ann bunú na Chéad Dála agus na Parlaiminte i dTuaisceart Éireann agus sainmhínítear ann príomhthéarmaí ar nós ‘treallchogaíocht’, ‘bearta díoltais’, agus ‘stailc ocrais’.
Cumhdaítear ann téamaí amhail imeachtaí 'nuachta bréige' cosúil le Cath Chionn tSáile (a bhí ar siúl i ndáiríre ar shráideanna Dheilginse i mBaile Átha Cliath Theas), agus tugtar samplaí don ghrúpa sa turas ar conas anailís a dhéanamh ar phríomhfhoinsí ag baint úsáide as scileanna an staraí.
Is féidir an turas ar líne a oiriúnú le freastal ar do chuid riachtanais agus d’fhéadfadh sé go mbeadh sé tarraingteach go háirithe d’fhoghlaimeoirí a bhfuil suim acu i stair na hÉireann.
Más féidir lenár bhfoireann aon chúnamh a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag learning@nli.ie