Turas Scoileanna Teanga | Turas Fáilte

Cuimsíonn an turas seo mioneolas tosaigh ar stair agus ar obair Leabharlann Náisiúnta na hÉireann chomh maith le heolas ar na seirbhísí leabharlainne atá ar fáil don phobal.
Ag críochnú le réamhrá ar thaispeántas Saol agus Saothair WB Yeats, tugtar cuireadh do chuairteoirí deireadh a chur lena gcuairt le closturas buaicphointí chun tuilleadh iniúchadh a dhéanamh ar fhilíocht WB Yeats.
Tá an turas seo oiriúnach do dhaltaí na scoileanna teanga. Cuir in iúl dúinn roimh ré an leibhéal Béarla a labhraítear i do ghrúpa ionas gur féidir linn an turas a oiriúnú do do riachtanais.
Tabhair do d’aire: Ní áirítear cuairt ar an Seomra Léitheoireachta mar chuid den turas seo.
Más féidir lenár bhfoireann aon chúnamh a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag learning@nli.ie