Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Turas Iar-bhunscoile | Suaitheadh go Sos cogaidh: Grianghraif ó Chogadh na Saoirse

Suíomh
Ar Líne trí Zoom
Spriocphobal
Iar-Bhunscoil
Fad ama
45 nóim
Cineál acmhainne
Turas Treoraithe ar an Taispeántas
Praghas
Saor in aisce, áirithint ag teastáil
Suíomh
Ar Líne trí Zoom
Spriocphobal
Iar-Bhunscoil
Fad ama
45 nóim
Cineál acmhainne
Turas Treoraithe ar an Taispeántas
Praghas
Saor in aisce, áirithint ag teastáil
Grianghraf dubh agus bán de shaighdiúir ina sheasamh in aice le carr armúrtha ag bealach isteach Phríosún Mhuinseo

Stailc Ocrais Mhuinseo: Gluaisteán armúrtha lasmuigh den phríosún (IND H 0439)

Ar Líne
Introduction Text
Úsáidtear grianghraif, léarscáileanna, póstaeir, cartúin pholaitiúla, agus ailt nuachtáin sa turas ar líne seo chun réimsí tábhachtacha a bhaineann le hathruithe polaitíochta agus gluaiseachtaí sóisialta a fhiosrú, chomh maith leis an tionchar a bhí ag daoine tábhachtacha in Éirinn le linn Chogadh Saoirse na hÉireann.

Tugann an turas ar líne seo comhthéacs do ghrianghraif, nuachtáin, agus earraí inbhailithe 100 bliain d'aois ó bhailiúcháin Leabharlann Náisiúnta na hÉireann laistigh d'imeachtaí suntasacha Chogadh na Saoirse.

Scrúdaítear ann gníomhaíochtaí grúpaí mar na Cúntóirí, na Dúchrónaigh, Cumann na mBan, agus Óglaigh na hÉireann ar fud oileán na hÉireann.

Leagtar amach ann bunú na Chéad Dála agus na Parlaiminte i dTuaisceart Éireann agus sainmhínítear ann príomhthéarmaí ar nós ‘treallchogaíocht’, ‘bearta díoltais’, agus ‘stailc ocrais’.

Cumhdaítear ann téamaí amhail imeachtaí 'nuachta bréige' cosúil le Cath Chionn tSáile (a bhí ar siúl i ndáiríre ar shráideanna Dheilginse i mBaile Átha Cliath Theas), agus tugtar samplaí don ghrúpa sa turas ar conas anailís a dhéanamh ar phríomhfhoinsí ag baint úsáide as scileanna an staraí.

Is féidir an turas ar líne a oiriúnú le freastal ar do chuid riachtanais agus d’fhéadfadh sé go mbeadh sé tarraingteach go háirithe do dhaltaí an Teastais Shóisearaigh agus na hArdteistiméireachta atá ag déanamh staidéir ar an stair.

Fiosraigh Anois: Turas Iar-bhunscoile | Suaitheadh go Sos cogaidh: Grianghraif ó Chogadh na Saoirse

Go raibh maith agat as spéis a léiriú i seisiún a chur in áirithe lenár bhfoireann. Comhlánaigh an fhoirm thíos leis an oiread sonraí agus is féidir. Cé nach foirm áirithinte í seo agus nach bhfuil aon chinnteacht ann go mbeadh am seisiúin ar leith ar fáil, beidh ball den fhoireann i dteagmháil leat a luaithe is féidir maidir le do cheist. Táimid ar fáil freisin tríd an ríomhphost ag learning@nli.ie.
Turas Iar-bhunscoile | Suaitheadh go Sos cogaidh: Grianghraif ó Chogadh na Saoirse
Tabhair faoi deara go bhfuil níos mó ná am amháin ann.
Cabhraigh linn an t-eispéireas is fearr is féidir a sholáthar trí aon eolas ábhartha breise a lua i.e. sainspéiseanna, riachtanais bhreise, má tá súil agat cuairt a thabhairt ar roinnt láithreacha de chuid Leabharlann Náisiúnta na hÉireann srl.

Déanfaidh NLI na sonraí pearsanta a thabharfaidh tú dúinn a phróiseáil de réir ár Ráitis Príobháideachais Sonraí.

Más féidir lenár bhfoireann aon chúnamh a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag learning@nli.ie