Déanach ag an Leabharlann - 14 Meán Fómhair
- Ar an láthair

Taiscéalaíocht iar-ama ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
7-9pm – Ceol Traidisiúnta Beo agus Taispeántas Yeats.
Bain sult as taispeántas ceoil tráthnóna leis an ngrúpa traidisiúnta Aiteall i halla tosaigh atmaisféarach na Leabharlainne Náisiúnta agus tapaigh an deis chun iniúchadh a dhéanamh ar ár dtaispeántas móréilimh Yeats: Saol agus Saothar WB Yeats tar éis an ama dúnta.
Ní gá áirithint a dhéanamh. Bígí linn ar an láthair ag uimh. 7/8 Sráid Chill Dara ó 7pm.
Eolas faoi na ceoltóirí - Aiteall
D'fhás an cúigear ball d'Aiteall aníos ag seinm foinn in éineacht le Craobh Phiarais Uí Ghreagain, atá lonnaithe sa Chultúrlann i mBaile na Manach i gContae Bhaile Átha Cliath. Bunaíodh an grúpa le linn Covid le siamsaíocht a chur ar fáil do na tithe altranais áitiúla – tá an grúpa anois ag seinm i dtithe tábhairne agus ag féilte éagsúla sa bhaile agus thar lear. Is iad Cathal Ó Duibhir Baoill ar an gconsairtín, Daragh Ó Dubhir Baoill ar an bhfidil agus ar an ngiotár, Liam Ó Laoide ar an mbainseó agus ar an mbodhrán, Conor Mac Gabhna ar an mbainseó agus ar an bhfidil agus Ailbhe Ní Chróidheán ar an bhfidil agus ar an bpianó baill an ghrúpa.
Taispeántas WB Yeats - ar oscailt go déanach go 9pm.
Bain sult as ár dtaispeántas a bhfuil gradaim buaite aige ar William Butler Yeats (1865-1939), duine de mhórscríbhneoirí an 20ú haois agus a raibh tionchar suntasach aige ar fhéiniúlacht chultúrtha na hÉireann nua-aimseartha.
Tarraingítear sa taispeántas ar mhíreanna ó Bhailiúchán Yeats de chuid Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, na bailiúcháin is mó leabhar, lámhscríbhinní agus míreanna pearsanta a bhaineann le WB Yeats ar domhan.
Fiosraigh iliomad spéiseanna Yeats – Éire, litríocht, béaloideas, amharclannaíocht, polaitíocht, misteachas, agus asarlaíocht. I measc bhuaicphointí an taispeántais tá lámhscríbhinní de go leor de na dánta is mó a bhfuil tóir orthu de chuid Yeats, lena n-áirítear “The Lake Isle of Innisfree” agus “Easter, 1916”, a bhonn Duais Nobel, déantáin phearsanta ó thuairiscí scoile Yeats go píosa snoite lapis lazuli, grianghraif iontacha de Yeats agus a chlann agus a chairde, agus go leor eile.
Faigheann an tsraith imeachtaí Déanach ag an Leabharlann tacaíocht ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus tá sí mar chuid den Scéim Geilleagair Oíche.