Turas Clóghrafaíochta ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
- Ar an láthair

Faigh léargas ar an Leabharlann Náisiúnta trí stair na litreacha, na n-ábhar agus na mionghnéithe ailtireachta atá san fhoirgneamh.
Tosóimid ag geata na Leabharlainne ar Shráid Chill Dara, áit a bhfuil ár gcéad litreacha mar chomhartha ar an suíomh. Déanfaimid ár mbealach ansin tríd an bhfoirgneamh, ag féachaint ar ghloine dhaite, mósáicí agus obair chloiche. Cuirfear deireadh leis an turas sa Seomra Léitheoireachta cáiliúil, áit a mbreathnóimid ar roinnt saothair chlóghrafacha ó na bailiúcháin. Is í Emma Conway, dearthóir inmheánach grafaicí NLI, a bheidh mar threoraí agat agus tarraingeoidh sí d’aird ar an iliomad cruthanna litreacha atá de dhlúth agus d’inneach ailtireacht an fhoirgnimh. Labhróidh sí faoina dtábhacht, faoi stair a léirithe agus faoin mbaint atá acu le scéal na Leabharlainne.
Tá an turas seo á reáchtáil i gcomhar le Teach Oscailte. Ní bheidh ach líon teoranta spásanna ar fáil, mar sin, cuir do spás in áirithe go luath.