Turas poiblí | Daoine agus Áiteanna: Éire sa 19ú agus 20ú hAois - Lúnasa
- Ar an láthair

Grúpa grianghrafadóirí ag Teach Chluain Broc, thart ar 1899 (CLON1936)
Bí i dteannta Sara Smyth chun turas a thabhairt ar an taispeántas Daoine agus Áiteanna ag an gCartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta i gCearnóg Theach an Tionóil, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath 2.
Sa taispeántas Daoine agus Áiteanna cuirtear i láthair taispeántas grianghraf ó bhailiúcháin na Leabharlainne, saothair a bhaineann le stair cathracha, bailte móra, sráidbhailte agus bailte fearainn ar fud oileán na hÉireann, agus leis na daoine a chónaíonn iontu. Caoga grianghraf a tógadh idir 1858 agus 2001 atá sa taispeántas, agus clúdaíonn an tréimhse sin ré na grianghrafadóireachta analógaí in Éirinn Léirítear sa taispeántas na hathruithe sóisialta, cultúrtha agus teicneolaíochta a tharla ar fud na hÉireann idir lár an 19ú haois agus tús an chéid seo.
Fáilte roimh chách!