Turas an choimeádaí | Daoine agus Áiteanna: Éire sa 19ú agus 20ú hAois
- Ar an láthair

Taispeántas Daoine agus Áiteanna
Déan iniúchadh ar an taispeántas in éineacht leis an gcoimeádaí, Sara Smyth
Bí inár dteannta chun turas a thabhairt ar an taispeántas Daoine agus Áiteanna ag an gCartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta i gCearnóg Theach an Tionóil, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath 2. Sa taispeántas Daoine agus Áiteanna cuirtear i láthair fairsinge leathan na grianghrafadóireachta atá i mbailiúcháin na Leabharlainne, saothair a bhaineann le stair cathracha, bailte móra, sráidbhailte agus bailte fearainn ar fud oileán na hÉireann, agus leis na daoine a chónaíonn iontu. Caoga grianghraf a tógadh idir 1858-2001 atá sa taispeántas, agus clúdaíonn an tréimhse sin ré na grianghrafadóireachta analógaí in Éirinn Léirítear sa taispeántas na hathruithe sóisialta, cultúrtha agus teicneolaíochta a tharla ar fud na hÉireann idir lár an 19ú haois agus tús an chéid seo.