Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Turas ar Líne | Yeats: Saol agus Saothair William Butler Yeats

Turas ar líne le Lá Filíochta na hÉireann, 2023 a cheiliúradh
  • Fotheidil
Dáta
-
Catagóir Turas
Praghas Free
Dáta
-
Catagóir Turas
Praghas Free
Íomhá de WB Yeats
Ar Líne

Bí linn le haghaidh turas taispeántais tumthach ar líne ar Yeats: Saol agus Saothair WB Yeats.

Breathnaigh níos géire ar cheann de na filí agus na híocóin chultúrtha is cáiliúla in Éirinn sa turas ar líne seo ar thaispeántas de chuid na Lebaharlainne a bhfuil duaiseanna buaite aige, Yeats: Saol agus Saothar William Butler Yeats.

Cuirfidh an turas seo scéal shaol agus saothair spéisiúil Yeats i do láthair trí sheoda Bhailiúchán Yeats atá ar taispeáint, agus pléifear ann téamaí tábhachtacha i saol an fhile, lena n-áirítear Éire, litríocht, béaloideas, amharclannaíocht, polaitíocht, misteachas, agus an asarlaíocht. Is deis atá sa turas seo éisteacht le scéalta faoi shaol agus faoi shaothair Yeats agus ceisteanna a chur ar threoraithe a bhfuil fios a ngnó acu de chuid Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

Níorbh fhéidir an taispeántas seo a dhéanamh gan na déantáin a tugadh go flaithiúil don Leabharlann, agus is é Bailiúchán Yeats an bailiúchán is mó leabhar, lámhscríbhinní agus míreanna pearsanta a bhaineann leis an bhfile áit ar bith ar domhan.  

Más féidir lenár bhfoireann aon chúnamh a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag learning@nli.ie