Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Turas an Stiúrthóra ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann – an 12 Deireadh Fómhair

  • Ar an láthair
Dáta
-
Suíomh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, 7-8 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath, D02 P638
Catagóir Turas
Praghas Free
Dáta
-
Suíomh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, 7-8 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath, D02 P638
Catagóir Turas
Praghas Free
National Library of Ireland Entrance Foyer

Tabhair turas ar an Leabharlann Náisiúnta in éineacht leis an Stiúrthóir, an Dr. Audrey Whitty.

Cuireadh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ar bun ar dtús faoin Dublin Science and Art Museum Act, 1877 agus bhí sí lonnaithe in áitreabh Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath i dTeach Laighean go dtí gur osclaíodh go foirmiúil an foirgneamh atá againn anois ar 7/8 Sráid Chill Dara in 1890.

Faigh amach faoi stair ár bhfoirgnimh álainn Victeoiriaigh ar Shráid Chill Dara agus cuir aithne ar Stiúrthóir nua na Leabharlainne, an Dr. Audrey Whitty. Mar chuid den turas treoraithe seo, tabharfar cuairt ar an Seomra Léitheoireachta iontach agus breathnófar ar na naisc atá againn le roinnt de na scríbhneoirí agus de na smaointeoirí is fearr i stair na hÉireann. 

 6–7pm | Saorchead isteach ach áirithint ag teastáil. Mar gheall ar éileamh coitianta, níl san imeacht seo ach liosta feithimh. Buail le chéile i Halla Tosaigh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, 7/8 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2.

Le tuilleadh eolais a fháil maidir le cúrsaí inrochtaineachta inár bhfoirgnimh, féach anseo.