Oíche Chultúir sa Leabharlann Náisiúnta
- Ar an láthair

Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, 7/8 Sráid Chill Dara
Beidh na doirse i Sráid Chill Dara ar oscailt idir 5 i.n. agus 9 i.n. agus beidh fáilte roimh chách.
Isteach leat tríd an bhforhalla go bhfeice tú an seomra gleoite léitheoireachta, a bheidh ar oscailte i rith an tráthnóna, agus go mbeidh seans agat breathnú ar an mionsamhla Lego den Leabharlann agus pléisiúr a bhaint as ceol beo.
Déanfaidh na Dublin Bach Singers rogha saothar aoibhne agus atmaisféarach a léiriú ag 7.15 agus ag 8.15pm.
YEATS: Saol agus Saothar William Butler Yeats – 7/8 Sráid Chill Dara
Beidh taispeántas Yeats na Leabharlainne ar oscailt sa phríomhfhoirgneamh i Sráid Chill Dara ó 5 i.n. go 9 i.n.
Beidh tú in ann seal a chaitheamh i do shuí ag éisteacht le cuid de na dánta leis an bhfile is ansa le daoine agus dul ag siúl thart ar an taispeántas le fáil amach faoi na rudaí go léir a raibh dúil ag WB Yeats iontu: Éire, an litríocht, an béaloideas, an amharclannaíocht, an pholaitíocht agus an draíocht – agus faoi thionchar Yeats ar fhéiniúlacht chultúrtha Ghaelach na linne.
Seamus Heaney: Éist Anois Arís – Ionad Cultúrtha agus Oidhreachta Bhanc na hÉireann ar Fhaiche Stiabhna – bealach isteach ar Shráid Westmoreland. 5 i.n. - 9 i.n.
Turas féintreoraithe ‘tar éis na n-uaireanta oscailte’ le sult a bhaint as. Sa taispeántas Seamus Heaney: Éist Anois Arís, bainimid leas as cartlann mhór na Leabharlainne Náisiúnta de cháipéisí le Heaney chun an cuairteoir a thabhairt linn ar aistear ilchéadfach thús simplí a shaoil trína ghairm éachtach.
Ná caill an taispeántas sealadach Le Grá; Seamus, taispeántas de Bhail Grianghraf Des agus Mary Kavanagh. Rogha de chártaí poist atá ann a chuir Seamus Heaney agus a bhean Marie chuig a gcairde Des agus Mary Kavanagh ar feadh blianta fada. Tugann an comhfhreagras léiriú ar a gcara Seamus Heaney: duine a bhí greannmhar, cumasach, cineálta agus a bhain an-phléisiúr as an saol agus as an teanga.
Taispeántas | Daoine agus Áiteanna: Éire sa 19ú agus sa 20ú hAois – an Chartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta, Cearnóg Theach an Tionóil, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath 2, D02 WF85. Ar oscailt 5 i.n. - 9 i.n.
Súil siar tríd an lionsa ceamara ar 150 bliain den saol in Éirinn in íomhánna a roghnaíodh as cuid dár mbailiúcháin ghrianghrafadóireachta is mó ráchairt.
Coimeádann Leabharlann Náisiúnta na hÉireann breis agus cúig mhilliún grianghraf inár mbailiúcháin, agus cruthaíonn siad taifead uathúil agus suimiúil ar an saol in Éirinn.
Léiriú é an taispeántas seo ar chaoga ceann de na grianghraif sin, ina nochtar daoine agus áiteanna ar oileán na hÉireann idir na 1850idí agus casadh an 21ú céad.
Le tuilleadh eolais a fháil maidir le cúrsaí inrochtaineachta inár bhfoirgnimh, féach anseo.