Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Caint ar líne | Tús a chur le Taighde ar Stair Theaghlaigh: Cá dtosóidh mé?

Forbhreathnú ar Sheirbhís Staire Teaghlaigh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
Bí i dteannta Steven Skelton, NLI don spléachadh seo ar thaighde ar stair theaghlaigh
Dáta
-
Catagóir Imeacht
Praghas Free
Dáta
-
Catagóir Imeacht
Praghas Free
Grianghraf dubh agus bán a thaispeánann grúpa teaghlaigh le roinnt leanaí

 Grúpa teaghlaigh, 1941 (Poole WP 4360)

Ar Líne

Áit iontach chun tús a chur le do chuid taighde ar stair do theaghlaigh.

Tá an chaint ghairid seo dírithe ar aon duine atá chun tús a chur le taighde ar stair a theaghlaigh. Tabharfar forbhreathnú sa chaint ar sheirbhís staire teaghlaigh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, agus ar an gcaoi ar féidir úsáid a bhaint as suíomh gréasáin na Leabharlainne chun taighde a dhéanamh ar stair do theaghlaigh. Díreofar ann ar na huirlisí atá ar fáil, lena n-áirítear cén chaoi bileoga oibre staire teaghlaigh a íoslódáil, rudaí is féidir leat a úsáid chun do chrann teaghlaigh a thógáil.  Críochnófar an chaint le réamhrá ar shuíomh gréasáin clár paróistí Caitliceacha na Leabharlainne agus breathnófar ar na bealaí ar féidir taifid bhaiste, phósta agus bháis a bhrabhsáil ar líne.